Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Ní déarfaidh mise mórán ach díreach cúpla pointe eile a lua atá againne anseo. Maidir le cumas daoine óga an Ghaeilge a labhairt, cloisimid go rí-mhinic é, gach dara lá, go gcaitheann daoine óga an oiread sin de bhlianta sna scoileanna agus go bhfuil siad ag teacht amach gan de chumas acu comhrá a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Síleann COGG gur ceart aghaidh a thabhairt air seo mar ábhar práinne agus mar thús air seo gur gá féachaint ar scrúdú agus ar shiollabas na hardteistiméireachta. Fógraíodh sa bhliain 2007 go raibh athrú ag teacht ar an siollabas. Tosaíodh in 2012 ag déanamh scrúdú ar an siollabas don ardteistiméireacht ach gealladh go ndéanfaí athbhreithniú air. Níl an t-athbhreithniú déanta air ach tá sé soiléir d'aon duine go bhfuil fadhbanna leis an siollabas agus leis an gcóras measúnaithe. Cé go molann daoine an 40% atá ar fáil don scrúdú cainte, is léir dúinn, agus níl aon fhianaise ar chor ar bith ann, nach bhfuil aon tionchar tar éis a bheith aige seo de bharr nach bhfuil ag tarlú ach go bhfuil daoine óga ag foghlaim an t-uafás stuif de ghlanmheabhair. Níl an córas measúnaithe bailí mar chóras. Dá bhrí sin, níl caighdeán ná cumais na ndaoine óga ag feabhsú.

Mar a luaigh an tUasal Ó hAiniféin ansin, fuarthas réidh leis na scoláireachtaí tríú leibhéal a bhí mar chrann taca, go háirithe ag muintir na Gaeltachta, ach ag muintir na nGaelscoileanna chomh maith. Cúpla bliain ó shin, de bharr cúrsaí eacnamaíochta, fuarthas réidh leo, agus is éard a bhí iontu sin ná scoláireachtaí a bronnadh ar lucht ardteistiméireachta a rinne go maith san ardteistiméireacht agus a bhí tar éis an ardteistiméireacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Molaimidne go dtabharfaí iad sin ar ais chomh maith leis na deontais Ghaeltachta atá luaite ag an Uasal Ó hAiniféin.

Táimid ag moladh go bhféadfaí, mar shocrú eatramhach, aonad seirbhísí Gaeilge a bhunú ionas go bhféadfadh freastal a dhéanamh ar scoileanna agus mar sin de, go dtí go mbíonn an 20% seo ann, mar de réir mar atá ráite ag an Uasal Ó hAiniféin, ní tharlóidh sé sin thar oíche. Tá an t-aonad Gaeltachta ag feidhmiú go han-mhaith maidir leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Tá pointe teagmhála maidir leis an bpolasaí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fáil. Dá mbeadh a leithéid de sheirbhís ar fáil do na scoileanna ar fad le plé leis na rudaí ar fad éagsúla - cúrsaí foirne, foirgneamh agus mar sin de - ionas go bhféadfaidís plé trí mheán na Gaeilge leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, ba mhór an dul chun cinn a bheadh ann. Chinnteodh an t-aonad sin go mbeadh gach seirbhís ar fáil sna scoileanna. Tá sé go breá na múinteoirí nuair atá siad ar fáil, an chigireacht agus mar sin de, ach bíonn an tseirbhís sláinte, Tusla, teiripeoirí cainte agus daoine eile ag teacht agus ag imeacht ó na scoileanna.

Dá gcinnteofaí, go háirithe i gcomhthéacs an pholasaí don oideachas Gaeltachta, go raibh na seirbhísí sin ar fáil, mar a dúirt an tUasal Ó hAiniféin, gan argóint, gan bheith ar nós duine cantalach i gcónaí ach mar cheart, bheadh lá maith oibre déanta.