Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Mar is eol daoibh, bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoin Acht Oideachais 1998 chun comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM maidir le gach ní a bhaineann leis an nGaeilge, teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge sa chóras oideachais. Is sa chomhthéacs sin a chuireamar an aighneacht seo isteach maidir leis an ngnó atá idir lámha inniu againn. Ba mhaith liom a aithint ag an tús ar fad an obair iontach atá déanta ag oifig an Choimisinéara Teanga ó bunaíodh an oifig sin, agus go áirithe iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a d'éirigh as, áfach, de bharr gur theip air, a dúirt sé, dul i bhfeidhm ar an gcóras agus nach raibh sé sásta leis an dul chun cinn a rinneadh. Bhí díomá orainn nuair a bhí air an cinneadh sin a dhéanamh. Bhí sárobair déanta aige. Maidir leis an dul chun cinn faoi láthair atá déanta ag an gCoimisinéir Rónán Ó Domhnaill, ba mhaith liom tréaslú leis as an dea-obair atá ar siúl aige.

Maidir leis na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, chomh fada agus a bhaineann siad le feidhmeanna reachtúla COGG, molaimid go láidir an reachtaíocht nua atá molta a bhaineann le hearcaíocht na hearnála poiblí, is é sin go mbeadh 20% de na hearcaigh ina gcainteoirí Gaeilge. In imeacht bliana in ár gcás féin nuair a bhí fostaí á lorg againn, theip orainn duine éigin a fháil trí Sheirbhís na gCeapachán Poiblí. Theip orainn teacht ar dhuine éigin sásúil ó thaobh na Gaeilge de le hardú céime chun teacht ag obair in COGG.

Tá a fhios againn go bhfuil sé thar a bheith deacair teacht ar dhaoine faoi láthair laistigh den tseirbhís. Molaimid go hard go mbeadh an sprioc sin, is é sin go mbeadh 20% de na hearcaigh a bheadh ag feidhmiú ina gcainteoirí Gaeilge, ann.

Chuige sin, má táimid dáiríre faoi sin, má tá sprioc de 20% á leagan amach againn agus má táimid ag iarraidh é sin a bhaint amach laistigh de amlíne áirithe, caithfimid an cheist a chur go macánta orainn féin cárbh as a thiocfaidh na daoine seo a bheidh ardchumasach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla? Is breá linn an Béarla ach is fearr linn an Ghaeilge. Tá sé an-thábachtach go dtuigfeadh daoine, chun a bheith réalaíoch agus an 20% a bhaint amach, gur gá dúinn féachaint ar an gceist ar bhonn níos leithne ar fad. Is gá dúinn féachaint ar an gcóras oideachais agus cad as atá an soláthar sin chun teacht. Mar atá luaite cheana féin ag COGG, is gá don Rialtas agus is gá don Stát plean comhordaithe oibre a fhorbairt don soláthar sin agus do na scoileanna lán-Ghaeilge timpeall na tíre go léir ag an mbunleibhéal, an iar-bhunleibhéal agus leibhéal na réamhscolaíochta fiú. Is gá an plean seo a fhorbairt ar bhonn céimnithe le go mbeidh teacht ar dhaoine chun na poist seo a ghlacadh sa tseirbhís phoiblí agus go mbeidh Gaeilge agus Béarla, an dhá theanga chumasacha, ar fáil acu chun na poist sin a líonadh.

Faoi láthair tá sé ag dul dian ar an gcóras teacht ar dhaoine mar sin. Ceann de na cúiseanna atá leis sin ná easpa na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge timpeall na tíre. Is gá plean a chur i dtoll a cheile le cinntiú gur féidir leis é sin a fhorbairt. Tá an-obair déanta ag leibhéal na réamhscolaíochta agus na bunscolaíochta, ach is gá aghaidh a thabhairt ar fhorbairt iomlán a dhéanamh ar leibhéal na hiar-bhunscolaíochta. Deireann 25% de thuismitheoirí na tíre go gcuirfidís a gcuid páistí chuig scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh a leithéid ar fáil i ngiorracht dóibh. Cad ina thaobh nach bhfuilimid ag feidhmiú de réir a mianta, an soláthar sin a mhéadú, agus a chinntiú, má mhéadóimid an soláthar sin, go mbeidh teacht againn ar dhaoine don tseirbhís phoiblí a bheidh Gaeilge agus Béarla ar a dtoil acu?

Is gá dúinn chomh maith cur leis na hacmhainní ata ar fáil do scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa scéim aitheantais Gaeltachta, chun cabhrú linn an anáil sin a threisiú agus a láidriú. Go traidisiúnta bhíodh go leor daoine le Gaeilge, gan dabht, ón nGaeltacht ag teacht isteach sa tseirbhís phoiblí agus iadsan ar fáil agus caighdeán ard acu sa dá theanga. Le déanaí, ó cuireadh deireadh le scoláireachtaí agus mar sin de don tríú leibhéal, tá sé ag dul an-dian ar theaghlaigh Gaeltachta mic léinn a chur ag na coláistí oideachais agus mar sin de, lena dheimhniú go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge ag múinteoirí chun freastal ar an éileamh atá ann. Is gá dúinn féachaint sna coláistí oiliúna ar na caighdeáin fágála seachas iontrála a bheidh i gceist le cáiliú mar mhúinteoir bunscoile chun cabhrú le daltaí uilig na tíre dul i bhfeidhm ar mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiar-bhunscoile.

Tá sé riachtanach dúinn féachaint ar na ceisteanna seo go fuarchúiseach mar Stát agus sinn féin a cheistiú an bhfuilimid dáiríre faoi. Má táimid dáiríre faoin amlíne agus an 20% sin a chur ar fáil, caithfimid smaoineamh ar cén fhad a thógfaidh sé sin. Cad iad na spriocanna meántéarmacha agus fadtéarmacha atá againn? Cathain a bhainfimid 8%, 10%, 15% agus 20% amach? Caithfidh an amlíne sin a bheith soiléir dúinn le gur féidir linn é sin a dhéanamh ar bhonn tomhaiste, céimnithe agus pleanáilte. Gan dabht, is gá infheistíocht a dhéanamh anseo. Déanann an Stát infheistíocht go laethúil sa Bhéarla. Tá gach aon ní bunaithe ar an mBéarla agus is gá féachaint ar infheistíocht ar leith a dhéanamh chun cabhrú leis an nGaeilge mar phríomhtheanga sna scoileanna atá luaite agam nó mar theanga náisiúnta na tíre.

Más Gaeil sinn, agus is Gaeil sinn, cén luach atá ar an teanga agus cén luach atá ar an éileamh a dhéanann cainteoirí Gaeilge nuair is mian leo seirbhísí a bheith ar fáil tríd an teanga sin dóibh féin? Ní mian le Gaeilgeoirí a bheith ina nGaeilgeoirí cantalacha agus achrannacha nuair a lorgaíonn siad seirbhísí ón Stát. Go minic, nó níos minice ná a mhalairt, b'shin a shíleann an Stát nuair a théann duine i mbun iarrachta teagmháil a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge, mar nach bhfuil sé ann do na seirbhísí atá ag teastáil. Faraor, tá taithí againn go léir, bíodh sé san earnáil oideachais, sláinte nó in aon earnáil eile, go mbíonn ar Ghaeil iompú ar an mBéarla chun aon dul chun cinn a dhéanamh leis an Stát. Ní thugann sé sin cothrom na féinne. Is ísliú stádais iomláin atá ansin don Ghaeilge.

Agus sinn ag caint anois ar Sheachtain na Gaeilge agus ar thacaíochtaí don Ghaeilge, agus gach duine agus gach aon pháirtí ag caint faoi na rudaí iontacha go léir a bhaineann leis an nGaeilge, má táimid sásta luach a chur ar an teanga, sílimse go bhfuil an teanga níos luachmhaire ná gnéithe eile den chultúr agus go bhfuil an cultúr i bhfad Éireann níos boichte gan an teanga a bheith ann. Nach ann don chultúr, i ndáiríre, gan an teanga? Ní féidir in aon tír eile nó in aon chultúr eile an dá rud a stoitheadh agus a scaradh óna chéile. Síleann daoine go minic sa tír seo gur féidir linn cuid den chultúr a bhaineann lenár bhféiniúlacht féin a bheith againn gan an teanga. Is boichte i bhfad a bheimid má leanfaimid orainn síos an bóthar seo. Tá deis againn anois infheistíocht a dhéanamh sna rudaí atá luaite agam agus is dóigh liom go bhfuil sé thar a bheith in am do bhaill an choiste seo a nglacann go bhfuil siad dáiríre agus paiseanta agus go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge dul i bhfeidhm ar an gcóras go ginearálta le gur féidir linn dul i bhfeidhm ar na páirtithe éagsúla lena dheimhniú go bhfuilimid dáiríre faoin gceist seo. Mar a dúirt mé cheana, mura bhfuilimid dáiríre faoi, ná bímis ag ligean orainn. B'shin atá le rá agam ag an bpointe seo.