Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáilte roimh na finnéithe go léir. Go raibh maith ag an Teachta Ó Snodaigh as ucht teacht isteach. Tá tús curtha anois leis an gcruinniú. Tá a fhios agam go bhfuil na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí faoi bhrú mar, faraor géar, tá an díospóireacht maidir leis an nGaeilge ar siúl sa Dáil ag an am céanna is atá ag an coiste féin s’againne, agus tá sé deacair an dá thrá a fhreastal. B'shin an fáth go bhfuil slua beag anseo.

I dtús báire, maidir leis an Acht, ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, no ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom agus é sin ráite míle fáilte a chur roimh na hionadaithe ó gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Bhí duine eile le bheith anseo, gabh mo leithscéal faoi sin, ach níl sé ag teacht de réir mar a thuigim. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na hionadaithe ó COGG, go háirithe an tUasal Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach, agus Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach. Go raibh míle maith agaibh agus an bhfuil ráiteas agaibh?