Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Teacher Recruitment: Discussion

4:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Senator Ó Clochartaigh asked me a question and I understand this is his last week in the House so I would like to respond. Chuir sé ceist mar gheall ar na painéil Gaeltachta agus is féidir painéil a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeltachta, painéil ar bhonn thíreolaíocht na nGaeltachtaí agus is féidir painéil do mhúinteoirí lán-Ghaeilge a chur ar fáil do chnuasach Gaelscoileanna aon áit a bhfuil scoil ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Níl aon bhac ann múinteoirí le hardchumas a bheith ar fáil do phainéil ar bhonn réigiúnda Gaeltachta nó sna bailte móra agus sna cathracha, áit a bhfuil cnuasach Gaelscoileanna agus aon áit eile nach bhfuil ach Gaelscoil amháin nó dhá Ghaelscoil d'fháilteodh gach scoil roimh mhúinteoirí ar an bpainéal le hardchumas sa Ghaeilge chomh maith. Go raibh míle maith agat as a bheith chomh foighneach liom.