Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Teacher Recruitment: Discussion

4:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá go leor ceisteanna curtha ag baill an choiste. Rithfidh mé tríothu chomh tapaidh agus is féidir liom. Tá a fhios againn go léir nach féidir cramming a dhéanamh i gcomhair teangacha ar nós na Fraincise nó na Gaeilge. Níl aon slaitín draíochta nuair atá teangacha á bhfoghlaim. Ní oibríonn sé thar dheireadh seachtaine amháin. Is gá go mbeadh múinteoirí atá inniúlach agus cumasach sa teanga ag daltaí ionas go mbeidís in ann a gcuid scileanna teanga a fheabhsú. Déarfainn leis an gcoiste go bhfuil na cúrsaí atá againn maidir le teangacha níos géire ná na cúrsaí sna hábhair eile. Tá sé riachtanach go mbeadh múinteoirí d'ardchaighdeán ar fáil le haghaidh na Gaeilge agus na teangacha eile i gcoitinne. Bíonn ar mhúinteoirí bunscoile níos mó ná €1,000 a chaitheamh nuair atá sé de dhualgas orthu trí seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid dá bhforbairt réamh-sheirbhíse san ollscoil. Is é sin an chéad bhlaiseadh don Ghaeilge a fhaigheann múinteoirí - iarrtar orthu an seic a shíneadh agus away leo go dtí an Ghaeltacht. D'fhéadaimís an costas sin a bhaint uathu gan aon dua agus b'fhéidir dearcadh níos fearr a fhorbairt. Níl polasaí againn sa tír seo d'fhorbairt na gaelscolaíochta. Tá polasaí an-mhaith againn don oideachas Gaeltachta. Beidh B. Oid. lán-Ghaeilge á fhógairt go luath - tosnóidh an cúrsa ceithre bliana sin in 2019 - agus beidh máistreacht oideachais lán-Ghaeilge ag tosnú in 2018.

Beidh na cúrsaí sin á bhfógairt go luath. Níl plean againn d'fhorbairt earnáil na gaelscolaíochta. Luadh an obair iontach atá ar siúl ag na boird oideachais agus oiliúna timpeall na tíre. Tá plean ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir Gaelcholáiste neamhspleách a fhorbairt i gContae an Chláir - an contae ina bhfuilim féin faoi láthair - le os cionn 12 bliain anuas. Bhí an plean ag Clare VEC nuair a bhí Clare VEC ann. Níl an tacaíocht ann ón Roinn. Go deimhin féin, tá taithí phearsanta agam ar caipín a bheith á chur ar fás na Gaelscoileanna, agus an Roinn ag rá gur féidir leo fás go dtí pointe áirithe ach ní féidir leo fás níos faide. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar chúrsaí cóiríochta sna scoileanna. Ní ceart go gcuirfí caipín ar fás Gaelscoil ar bith ag an mbunleibhéal nó ag an dara leibhéal sa tír seo. Tá go leor cloiste againn faoi dhaoine atá ag iarraidh dul isteach iontu. Ba cheart don Roinn a thuilleadh Gaelscoileanna a bhunú agus ligint don new schools advisory board a thuilleadh acu a aithint agus a bhunú. Roghnódh suas le 25% de dhaonra na tíre seo na scoileanna seo dá mbeidís ar fáil. Dá mbeadh níos mó dóibh ann, ní bheadh aon easpa múinteoirí Gaeluinne síos an bóthar.

Níl figiúirí agam le haghaidh méid na scoileanna atá ag feidhmiú le múinteoirí nach bhfuil acu ach an Béarla amháin. Tá taithí phearsanta agam ar scoileanna go mbíonn orthu múinteoirí le Béarla a chur isteach chun an rang a mhúineadh trí Bhéarla. Níl aon rogha ag na príomhoidí a leithéid a dhéanamh in ábhair ar nós stair, bitheolaíocht, fisic nó ceimic. Cad é an rogha atá acu? Is fearr múinteoir cáilithe gan Gaeilge a bheith ann ná gan aon mhúinteoir ar bith a bheith ann. Táimid ag baint na cosa de na scoileanna.

Maidir leis na hábhair STEM, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Máistir Gairmiúil san Oideachas ar fáil in oirthear na tíre síos an bóthar ionas go mbeidh múinteoirí atá ábalta an teanga a úsáid agus atá ábalta múineadh trí mheán na Gaeilge ar fáil chun fisic, ceimic, bitheolaíocht, mata feidhmeach, matamaitic agus na hábhair sin go léir a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Is féidir linn úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chomh maith. Is féidir le scoileanna nach bhfuil múinteoirí áirithe ar fáil acu d'ábhair áirithe scéimeanna píolótacha a chur ar bun chun cuid de na hábhair sin - mata feidhmeach, ceimic nó fisic - a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá molscoileanna luaite sa phlean oideachais Gaeltachta. D'fhéadfaí an moladh sin a fhorbairt gan aon mhoill agus gan aon dua.

Chuir an Teachta Byrne ceist maidir le caighdeán na múinteoirí sa tír seo agus caighdeán na Gaeluinne, srl. Tá cuid de na múinteoirí is fearr ar domhan againn in Éirinn. Táimid bródúil as ár múinteoirí. Ba cheart dúinn a ngairmiúlacht agus a gcumas a aithint. Ba cheart dúinn iad a íoc dá réir. Ní aon iontas go bhfuil éileamh orthu thar lear. Ní aon iontas go bhfuil seicleabhair á dtógáil amach ó Dubai go dtí Ceanada go dtí an Astráil go dtí an Nua-Shéalainn. Aithníonn na húdaráis sna tíortha sin go bhfuil na múinteoirí is fearr againn in Éirinn. Má tá sé mar aidhm againn go mbeidh an córas oideachais is fearr san Eoraip againn faoin bhliain 2026, is anois an t-am chun an t-aicsean agus an gníomh a dhéanamh agus cuid de na deacrachtaí seo a réiteach.