Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Teacher Recruitment: Discussion

4:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a labhairt anseo inniu. Mar a luaigh an Cathaoirleach, tá mé i mo chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Is pribhléid é a bheith anseo inniu.

Bunaíodh COGG faoin Acht Oideachais 1998 chun comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le gach aon ní a bhaineann le teagasc na Gaeilge agus teagasc trí mheán na Gaeilge. Chuige sin, táimid chun roinnt comhairle a chur ar an gcoiste seo inniu. Tá go leor pointí ardaithe agam sa ráiteas tosaigh agus ag cainteoirí eile agus, mar sin, níl mé chun dul tríothu ar fad. Is féidir leis an gcoiste glacadh leis, áfach, go bhfuil an scéal i dtaobh gach rud atá luaite maidir leis an earnáil iarbhunoideachas agus bunoideachas atá ag teagasc trí Bhéarla i bhfad Éireann níos measa san earnáil lán-Ghaeilge mar, ar an méan, is timpeall ar 10% de mhúinteoirí atá cáilithe a roghnódh post i scoil lán-Ghaeilge. De ghnáth, faigheann Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta timpeall 10% de na hiarratais a fhaigheann scoileanna Béarla nuair a fógraítear poist bhuana agus mar sin de. Tá an scéal seo ag dó na geirbe ar lucht an Gaeloideachais le fada an lá. Buíochas le Dia go bhfuil an scéal anois i mbéal an phobail toisc go bhfuil Baile Átha Cliath brúite agus an earnáil Béarla brúite agus b'fhéidir go bhfuil fonn éisteachta níos fearr anois ar dhaoine chun teacht ar réiteach ar an gceist seo.

Ba mhaith liom roinnt de na moltaí réitigh a phlé. Mar shampla, ag díriú ar an teagasc Gaeltachta agus ar earnáil na Gaeltachta, táimid ag caint ar scoileanna beaga iargúlta agus mar sin de. Bhí liúntas teagaisc Gaeltachta ann do mhúinteoirí ach cuireadh deireadh leo ar fad. Buíochas le Dia, tá plean oideachais don Ghaeltacht forbartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus molaim an plean sin go hard, ach tá dua breise ag baint leis é sin a chur i bhfeidhm do mhúinteoirí agus do bhoird bhainistíochta. Tá sé in am na liúntais teagaisc Gaeltachta do mhúinteoirí atá sa scéim aitheantais Gaeltachta a thabhairt ar ais gan mhoill.

Ba cheart go mbeadh scoláireachtaí tríú leibhéal ar fáil, faoi mar a bhí líon teoranta scoláireachtaí ar fáil ar feadh na mblianta. Cuireadh deireadh leis na scoláireachtaí sin ar fad nuair a tháinig an t-athrú ar chúrsaí eacnamaíochta, áfach. Tá brú uafásach ann do mhic léinn óige agus iad ag taisteal go cathracha ón nGaeltacht chun a bheith ina múinteoirí. Tá sé ró-chostasach agus ró-fhada agus tá an iomad brú ag baint leis sin.

Maidir leis an painéal atá luaite mar bhonn réitigh, bhí mé féin i mo phríomhoide óg in 1992 i Luimneach agus sna 1990idí bhí a leithéid de phainéal i gcathair Luimní. Bhí mo scoil féin ag an am páirteach ann. Ní hamháin gur réiteach atá ann ach is deis iontach glórmhar atá ann do mhúinteoirí óga taithí éagsúil a fháil i scoileanna sinsearacha, scoileanna sóisearacha, scoileanna do bhuachaillí, scoileanna do chailíní, scoileanna comhoideachais, Gaelscoileanna, scoileanna DEIS, scoileanna cathrach agus scoileanna faoin tuath. Faigheann siad taithí na mblianta in aon bhliain amháin nó i ndá bhliain i gcóras dá leithéid agus bíonn siad níos fearr mar mhúinteoirí dá bharr. Is réiteach é sin gur féidir a chur ar fáil ar bhonn gearrthréimhseach agus ba cheart é a dhéanamh láithreach. Molaim go ndéanfaí é sin.

Maidir le cúrsaí iarbhunscolaíochta, ní hamháin go gcuireann easpa múinteoirí ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta inár nGaelcholáisití isteach ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim atá ar siúl sa rang ach baineann sé na cosa ó thalamh d'éiteas na scoile. Más féidir linn teacht ar mhúinteoirí, táimid ag teacht ar mhúinteoirí, b'fhéidir, nach bhfuil aon fhocal Gaolainne acu chun ábhar a mhúineadh. Tá rogha ag an bpríomhoide múinteoir fisice a fháil chun fisic a mhúineadh trí Bhéarla nó na daltaí a fhágáil gan múinteoir fisice. Táimid ag baint na cosa d'éiteas na scoileanna sin nuair atá orainn múinteoirí a chur isteach iontu nach bhfuil aon chumas acu sa Ghaeilge.

Tá réiteach air sin, áfach, agus baineann sé leis an máistreacht gairmiúil san oideachas atá ar fáil faoi láthair in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. Cuireadh dhá phost breise leis sin i mbliana don phlean oideachais Gaeltachta agus fáiltímid roimis sin. An réiteach ná, áfach, a leithéid de cháilíocht a bheith ar fáil faoi scáth ceann de na hollscoileanna i mBaile Átha Cliath nó in oirthear na tíre. Faightear dhá oiread luach as a leithéid. Faightear múinteoir le Gaeilge atá ábalta múineadh trí Ghaeilge agus atá ábalta ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge. Mar sin, faightear dhá oiread luach. Go meántéarmach, áfach, caithfimid féachaint air seo mar réiteach ar cheist na Gaolainne.

Caithfimid earnáil na Gaelscolaíochta ag an réamhscolaíocht, ag an mbunscolaíocht agus, go háirithe, ag an iarbhunscolaíocht a fhorbairt sa tír seo le go mbeidh sa mhéantéarma múinteoirí atá inniúil ar an nGaeilge agus ar an teagasc trí Ghaeilge ar fáil don earnáil ar fad. Mura ndéanfaimis plean náisiúnta d'fhorbairt an Ghaeloideachais a chur le chéile leis na páirtnéirí cuí, táimid ag magadh faoinár dteanga agus táimid ag ligint orainn go bhfuilimid ag déanamh rud éigin nuair nach bhfuilimid ach ag cur an sop in áit na scuaibe.