Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Maidir le droch-Bhéarla a aistriú, déanaimid iarracht droch-Bhéarla a aistriú go dea-Ghaeilge más féidir linn. Ó thaobh na tagarmharcála nó benchmarking, ceann de na cúraimí atá curtha ar na daoine atá ag déanamh scrúdú ar an Rannóg ná féachaint conas a dhéantar an gnó seo in áiteanna eile. Luadh an Bhreatain Bheag mar shampla, cé gur dóigh liom gur reachtaíocht thánaisteach a bhíonn i gceist ansin. Luadh an Chomhairle Eorpach, an Coimisiún Eorpach, Quebec, an Bheilg agus parlaimintí eile ina ndéantar reachtaíocht a chur ar fáil in dhá theanga oifigiúla.

Beimid ag féachaint ar conas a dhéanann siad siúd é agus an bhfuil aon rud le foghlaim againne as sin. Ó thaobh riaráiste de, nuair a tháinig mise isteach mar Phríomh-Aistritheoir bhí beagnach 15 bliana de riaráistí ann cheana féin. Ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i mí Iúil 2006 táimid ag streachailt chun breith suas leis an riaráiste stairiúil agus na hAchtanna a chur ar fáil go comhuaineach. Is é sin an cuspóir atá againn. Teastaíonn uainn ag an bpointe seo, leis an staidéar seo atá ar siúl, deireadh a chur leis sin agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus an struchtúr gnó againn chun na hAchtanna a chur ar fáil go comhuaineach. Is é sin an cuspóir atá againn leis seo.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá bogearraí aistriúcháin ar fáil anois atá an-fhorbartha ar fad agus a dhéanann an-scrúdú ar an dtéacs atá le haistriú agus a thugann rud ar a dtugann siad "match fit" - match 100%, match 80% nó a leithéid. Leis an scagadh a dhéantar ar an dtéacs leis na bogearraí sin, cabhraítear ó thaobh gan bheith ag aistriú faoi dhó. Is é an baol atá ansin ná go n-aistreoidh duine rud éigin i gceart, ach go n-aistreoidh sé nó sí ar shlí dhifriúil arís é agus go mbeidh sé nó sí fágtha, mar atáimidne, le tiontuithe ar nithe atá go breá ach nach bhfuil de réir a chéile. Cabhróidh an teicneolaíocht linn ní hamháin an jab a dhéanamh faoi dheireadh agus faoi dheoidh, ach é a dhéanamh ar ardchaighdeán. Is é sin an cuspóir atá againn. Táimid dóchasach ag an bpointe seo go bhfuil an tuiscint ann go forleathan, má táimid chun é seo a dhéanamh, go mbeidh acmhainní ag teastáil chuige sin. Mar a deir an tArd-Rúnaí, tá na hacmhainní teicniúla faighte againn; tá oiliúint ar siúl sa Rannóg faoi láthair, an tseachtain seo agus an tseachtain seo caite; beimid ag cur na mbogearraí sin i bhfeidhm ansin i rith na bliana; agus beimid ag feitheamh ar an struchtúr gnó agus ar na hacmhainní chun iad a chur leis an teicneolaíocht chun an cuspóir atá againn go léir a bhaint amach.