Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Maidir le formhór na hoibre a deineadh an uair sin, is tionscadal é sin a bhí le bainistiú laistigh den Rannóg ach bhí coiste comhairleach ann de shaineolaithe seachtracha ó institiúidí tríú leibhéal agus eagraíochtaí Gaeilge agus de dhaoine a bhí ionadaíoch, ar an-chuid slite, de na canúintí agus de na heagraíochtaí pobail agus a leithéid ansin. Ó thaobh an Chaighdeáin féin, ní heol domsa go raibh aon deacracht leis. Cuireadh i gcló an Caighdeán Oifigiúil arís toisc gur díoladh amach é. Díoladh gach cóip agus fuaireamar an-aiseolas ar ais mar gheall ar an gCaighdeán Oifigiúil. Is eol dúinn go léir go raibh a lán easaontais ann mar gheall air. Bhí tuairimí éagsúla ag daoine. Bhí tuairimí ag daoine a bhí go léir ar an dtaobh ceart agus ar an dtaobh céanna den argóint. Is é an t-aiseolas atá faighte againn ó na páirtithe sin anois ná go bhfuil siad sásta go bhfuil pé fadbhanna a bhain leis an gcaighdeán réitithe. Faighimid an-aiseolas ó dhaoine a bhíonn ag obair leis an nGaeilge oifigiúil scríte go bhfuil siad an-sásta go bhfuil an uirlis sin ar fáil dóibh anois. Ó thaobh acmhainní de, féachaimid air sin mar rud atá déanta. Ní gá dúinn laistigh den Rannóg acmhainní a chur ar fáil le haghaidh na hoibre sin go ceann, mar a dúirt an tArd-Rúnaí, seacht mbliana eile.