Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 January 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais
5:00 pm
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Beidh, agus beidh an dréachtscéim ar fáil. Mar is eol don Chathaoirleach, táimid ag caint leis na Comhaltaí faoi láthair. Tá an comhairliúcháin poiblí críochnaithe anois. Thugamar cuireadh don phobal aighneachtaí a chur faoinár mbráid agus fuaireamar aighneachtaí. Faoi láthair, táimid ag caint le Teachtaí Dála agus Seanadóirí chun tuairimí a fháil uathu siúd.