Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an bhfinné as an gcur i láthair. Tá cúpla ábhar gur theastaigh uaim díríu isteach orthu, mar tá an-chuid eolais ann. Braitheann sé ar cá théitear mórthimpeall an fhoirgnimh. Tá slua maith a bhfuil Gaolainn acu agus a bhfuil sé ar a gcumas a gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Tá thart ar 30 Teachtaí agus Seanadóirí, a lán den fhoireann a bhaineann leis na páirtithe éagsúla agus na ushers. Mar sin, tá Gaolainn le cloisteáil mórthimpeall an fhoirgnimh agus an champais. Is dóigh liom féin nach bhfuil go leor le cloisteáil laistigh sa Chamber. Bhí figiúirí áiféiseacha le cloisteáil le déanaí. Chuir sé ionadh orm. Cheap mé b'fhéidir nach raibh sé chomh olc leis sin, ach tá na figiúirí sin ann. Léiríonn sé go bhfuil ról ceannaireachta againn féin, na Baill, agus go gcaithfimid níos mó Gaolainne a úsáid agus í a bhrú chun cinn.

Luaigh an Teachta O'Dowd é sin ach is dóigh liom freisin má tá rud bríomhar ann ina bhfuil suim ag na meáin, déanann siad tuning isteach. Tá sé an-tábhachtach chomh maith go mbeifí ábalta freagra a fháil nuair a chuirtear ceist as Gaolainn. Mar sin, nuair a bhítear os comhair an Aire nó an Thaoisigh, caithfear bheith sásta go bhfaighfí freagra. Teastaíonn uainn go léir freagra a fháil, pé ceist a bhíonn á cur againn. Teastaíonn uainn bheith cinnte go mbeidh na meáin ábalta an cheist agus an freagra a fháil chomh maith. An bhfuil an córas aistriúcháin ar fáil do na meáin agus an slua a bheadh thuas sa Ghailearaí ag faire ar an gcruinniú? Ní dóigh liom go bhfaca mé riamh aon duine de na meáin ag úsáid na cluasáin.

Is one-way traffic atá ann sa chóras aistriúcháin. Tá laigeacht ansin. Nuair a bhíonn duine ag caint as Béarla, ní bhíonn an córas aistriúcháin ar fáil. Bíonn ar dhaoine éisteacht agus aistriú dóibh féin. Déanfaimid é sin go nadúrtha ach ba mhaith liom é a bheith ar an taifead gur córas de shlí amháin atá ann. An bhfuil aon phlean chun feabhas a chur air sin chun go mbeadh sé ag obair sa dá shlí? Tá an-chuid pleananna ag na finnéithe i gcomhar Bliain na Gaolainne. Cé a chur le chéile an plean? An raibh an fhoireann páirteach ansin? Ar tháinig sé ón bhfoireann aníos nó cad ar spreag é?

Maidir leis na foteidil a fheictear ar an scáileán, go minic nuair a bhíonn an pobal ag faire ar an Dáil nó ag éisteacht leis, is pé rud a bhíonn ar an scáileán a bhíonn le feiscint. Tá sé i gcónaí as Béarla fiú nuair a bhíonn an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht ag freagairt ceisteanna. Tá sé ar a chumas ag an gcóras ainm an Theachta a athrú go héasca nuair a thagann duine chun cainte. Surely d'fhéadfaí a leithéid a athrú ar an scáileán chun go mbeadh an Ghaolainn sofheicthe os comhair an phobail an t-am ar fad. Ní gá go mbeadh sé go huile is go hiomlán as Béarla. B'fhéidir gur féidir leis an bhfinné an cúpla ábhar sin a láimhseáil ar dtús.