Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

Luaigh an Teachta an tslí ina mbíonn an pobal agus na meáin chumarsáide ag féachaint ar na Comhaltaí sa Dáil agus sa Seanad agus ina mbíonn siad ag féachaint an mbeidh siad ag úsáid na Gaeilge agus cé chomh minic agus a bheidh siad á húsáid. Fiú amháin bíonn siad ag comhaireamh na bhfocal ag an bpointe seo. Rud a chuala mise ó Theachtaí ó tháinig mé isteach sa tseirbhís anseo is ea gur mhaith leo a bheith ag caint as Gaeilge ach gur minic nach mbíonn an téarmaíocht acu le haghaidh na díospóreachta áirithe atá i gceist. Tá sé i gceist againn, mar chuid den straitéis a luaigh an tArd-Rúnaí, gluais foclaíochta nó téarmaíochta le haghaidh gach Bille a chur ar fáil do na Comhaltaí agus do na meáin chumarsáide sa chaoi is go mbeidh na Comhaltaí ábalta, más spéis leo, díospóireacht a dhéanamh nó aitheasc a thabhairt maidir le Bille, toisc go mbeidh na téarmaí go léir a bhaineann leis an mBille sin acu sa Ghaeilge. Sin ceann de na cuspóirí atá againn. Beimid á dhéanamh sin go luath anois i mbliana. Teastaíonn uainn gur cabhair phraiticiúil do na Comhaltaí ó thaobh díospóireachtaí a bheidh ann.