Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Beidh, ach beidh sé mar sprioc ón tús. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé mar sprioc ón tús. Is í an fhadbh atá anseo ná, ón taithí atá againn agus atá ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí, níl Gaeilge ag 20% de na hiarrthóirí a chuireann isteach ar phost. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag caint faoin jab mór atá againn i dtaobh gasúr óga a spreagadh sna scoileanna agus a chur ar a radar go bhfuil postanna le Gaeilge ann. Is rud thar a bheith fadtéarmach atá ann. Bheadh sé fíor-dheacair dáta a chur leis na rudaí seo. Is próiseas fadtéarmach é. Níl muid in ann ach daoine a spreagadh agus iad a chur ar an eolas go bhfuil postanna ann agus, má chuireann siad feabhas ar a nGaeilge agus má bhíonn na scileanna cearta acu, go mbeadh siad in ann cur isteach ar na postanna sin le Gaeilge sa Státchóras nuair a tiocfaidh siad amach ó na meánscoileanna agus na hollscoileanna.

Maidir leis na cumhachtaí breise a bheadh ar an gComisinéir Teanga, ceann de na rudaí atá istigh sna ceannteidil ná go mbeadh córas fíneála i gceist. Nílim cinnte cén ceannteideal faoi leith atá i gceist. Bheadh an comisinéir in ann fíneálacha a chur ar comhlachtaí nach gcomhlíonann a gcuid dualgais. Is rud nua atá istigh ann é sin. Tá rud san Acht cheana féin a deireann go bhfuil an comisinéir in ann scéim a chur ar fáil le hairgead a aisíoc mar chúiteamh le daoine a bhí as póca toisc nach raibh siad ag fáil seirbhísí i nGaeilge. Níor cuireadh é sin i bhfeidhm riamh. An rud a bheidh i gceist anseo ná córas píonóis a chur i bhfeidhm. Is cuma cén leibhéal fíneála a bheidh i gceist ar bhealach. Is airgeadh cáiníocóra a bheidh i gceist agus ní mhaith le státseirbhísigh teacht ós comhair coistí de chuid an Oireachtais chun míniú a thabhairt ar airgead Stáit a cuireadh amú ar fíneálacha. Sin a bheidh i gceist ansin.

Le teacht ar ais go dtí ceist na scéimeanna, i ndairíre ní chiallaíonn córas píonóis tada muna bhfuil daoine istigh le haghaidh na caighdeáin a chomhlíonadh agus na seirbhísí a chur ar fáil. Muna gcuirfimid le líon na ndaoine atá istigh sa Státchóras, beimid ar ais anseo an chéad bhliain eile agus an bhliain ina dhiadh sin ag rá an rud céanna. Beidh an comisinéir ag cur píonós ar chomhlachtaí Stáit ach, muna bhfuil na daoine le Gaeilge istigh sa Státchóras, ní bheidh na comhlachtaí poiblí in ann na dualgais atá orthu a chomhlíonadh.