Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Níor tháinig an scéim sin faoinár Roinn ag an am. Tháinig sé faoi chúram an Roinn Airgeadais. Is rud go bhféadfaimid breathnú air agus is féidir linn an cheist sin an thabhairt chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Maidir le Ceanada, níl a fhios agam gur ionann an dá dlínse. Tá daonra mór de chainteoirí Béarla agus cainteoirí Fraincise ansin le hais líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge anseo in Éirinn. Tá cineál dynamic difriúil ansin. Caithfimid teacht aníos le réiteach ar an bhfadhb a n-oibreoidh dúinn in Éirinn. Bhí muid ag caint le Rialtas na Breataine Bige agus tá a chuid deacrachtaí féin aige. Feiceann muid na rudaí atá déanta aige agus na botúin atá déanta aige atá muid in ann foghlaim uathu, ach ní hionann an dá chóras nó an dá dhlínse. Bímid airdeallach ar na rudaí a tharlaíonn sna dlínsí seo. Bainimid triail as gnéithe maithe de na córais atá acu. Fanann muid go dtí go bhfuil muid in ann foghlaim ó na botúin atá déanta acu.

Níl aon rud sa reachtaíocht faoi daoine le Gaeilge a bheith ar na boird Stáit. B'fhéidir go gcaithfear machnamh a dhéanamh ar sin. Níor smaoinigh muid ar an gceann sin. Cuirfimid san áireamh é agus muid ag plé an reachtaíocht. Maidir leis an gceist a chuir an Seanadóir faoi mhúinteoirí bunscoile, tá polasaí d'oideachas Gaeltachta ann agus tá tús curtha lena chur i bhfeidhm. Is ceist thar a bheith leathan í an cheist faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí bunscoile, agus múinteoirí meánscoile freisin. Is ceist í a bhaineann leis na rudaí atá ráite agam anseo inniu. Níl daoine le hardscileanna Gaeilge ag titim ó na crainn. Caithfimid tosnú ag leibhéal na meánscolaíochta, agus ag leibhéal na mbunscoileanna freisin, chun na scileanna a fhorbairt. Tá ár Roinn ag cur an polasaí maidir le pleanáil teanga i bhfeidhm faoi láthair agus bíonn an t-aonad um oideachas Gaeltachta sa Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Tá dlúthbhaint idir an dá pholasaí sin.

Arís, is próiseas fadtéarmach é seo. Nílimid chun réiteach a fháil thar oíche. Tá dul amú ar aon duine a bhfuil súil aige go bhfaigheann. Is ceist an-leathan í sin. Tá ceist ann faoin tumoideachas do ghasúir óga agus an gcuirfidh sé sin leis an gcaighdeán Gaeilge labhartha atá acu.

Táimid ag obair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le dul i ngleic leis sin.