Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 7 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017
5:00 pm
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Tá tagairt sa cheannteidil do choiste comhairleach a chur le chéile leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus muid féin. Táimid tar éis moladh a fháil ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go mba cheart go mbeadh sé sin leathnaithe amach d'aon dream a bheadh ag déanamh earcaíochta. Is é a tharlóidh anseo, dar liom, ná go mbeidh muid ag breathnú ag tús na bliana ar an bplean earcaíochta don bhliain seo chugainn agus, mar shampla, dá mbeadh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag dul ag earcú líon mór oifigigh talmhaíochta, bheadh muid in ann a rá leo go mbeidh cuid acu lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus go dteastaíonn deichniúr le haghaidh Dún na nGall, Conamara, Corcaigh agus Ciarraí. Bheadh muid ag breathnú ar na comóratais. Tagann an líon is mó daoine isteach sa Státseirbhís ag leibhéal an oifigigh cléireachais. Aon duine atá ag obair sa Státseirbhís faoi láthair, feiceann siad an throughput d'oifigigh cléireachais. Tá siad ag teacht agus ag imeacht chuile lá. Bíonn sé deacair daoine le Béarla a choinneáil, ná bac daoine le Gaeilge. Go nádúrtha, mar sin, tagann an líon is mó daoine isteach ag na gráid is ísle agus sin an áit a bheadh líon mór ann chun an cuóta a líonadh. In áiteanna eile, b'fhéidir nach mbeimid ag líonadh an cuóta.