Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 7 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017
5:00 pm
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Ní dóigh liom go bhféadfaí dul ar ais ar aon chonradh Stáit atá ann faoi láthair. An t-aon bhealach a bhféadfaí é sin a dhéanamh ná ar bhonn deonach. Ní dóigh liom go bhféadfaí dul ar ais agus iachaill a chur ar chomhlachtaí a bhfuil conarthaí nó téarmaí agus coinníollacha áirithe acu cheana agus a rá go gcaithfidh siad rud ar leith a chur i bhfeidhm. Má éiríonn linn rud éicint mar seo a chur isteach sa mBille, déarfainn le haghaidh conarthaí nua a bheadh sé le cur i bhfeidhm.
Mar a dúirt mé leis an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin 20%, tá sé deacair a rá cén t-amscála a bheadh ann lena chur i bhfeidhm. Caithfimid dul i bhfeidhm ar dhaltaí óga sna meánscoileanna agus mic léinn sna hollscoileanna ionas go mbeadh siad ag smaoineamh agus ag cuimhneamh go bhfuil poist d'ardchaighdeán le Gaeilge sa Státchóras dóibh.