Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dul chun cinn maith é seo agus aontaím go mór leis an bhfinné mar gheall ar an gclár ama. Ba chóir dúinn brú ar aghaidh go tapa leis chun go mbeidh sé ar an gclár reachtaíochta tar éis na Nollag. Is maith an rud a bheadh ann dá bhféadfaí é a bhrú ar aghaidh chomh tapaidh leis sin. Bí cinnte go mbeidh mé ag déanamh gach iarracht chuige.

Tá an-chuid ráite ag an bhfinné mar gheall ar na comhlachtaí éagsúla agus an teanga. Teastaíonn uaim díriú ar ábhar amháin faoi leith agus is é sin na conarthaí agus na comhlachtaí a bheadh ag cur seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaolainne ar fud na tíre ar fad. Go leor dóibh, tá na conarthaí ann cheana féin agus leanfaidh cuid de na conarthaí sin ar feadh na mblianta amach romahinn. Cuir i gcás an ceadúnas tiománaí: comhlacht príobháideach a bheidh ag freastal ar muintir na Gaolainne. An bhfuil sá in aigne an Roinn go mbeadh coinníoll sna conarthaí dá leithéid sin nuair a bheidh athnuachaint á dhéanamh orthu nó an féidir dul thar nais chuig na comhlachtaí sin a bhfuil conradh ann ar feadh tamaill fada chun é a phlé leo chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí don chaighdeán cuí á chur ar fáil do mhuintir na Gaolainne?

Maidir leis an 20%, is é an tuiscint atá agam ná go bhfuil an finné ag díriú go hiomlán ansan ar earcaíocht agus ar dhaoine nua ag teacht isteach sa chóras. An bhfuil an finné sásta go mbeidh an córas ábalta agallamh a chur orthu? An bhfuil go leor ag an gcóras cheana fein? N'fheadar cé chomh tapaidh is a bheadh sé in aigne teacht ar an 20% sin. Cad faoi dheiseanna a thabhairt dóibh siúd atá sa chóras cheana féin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaolainne nó a chur leis an gcaighdeán atá acu?