Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Sílim go gcaithfimid breathnú ar an gceist. Bhí smaointe ag an gCoimisinéir Teanga faoi sin agus phléigh muid leis iad. Sílim go gcaithfimid breathnú níos géire air sin, go háirithe ar rudaí ar nós an cás sin a tharla ar maidin. Bhí go leor ceisteanna ag an Seanadóir. Maidir leis an gceann faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, bhí cúpla cruinniú againn leis an Roinn agus bhí na hoifigigh thar a bheith cabhrach agus dearfach i rith na comhráite uilig a bhí againn. D'aithin siad go raibh fadhb ann leis an earcaíocht agus le líon na ndaoine le Gaeilge sa Státchóras agus go bhfuil deacracht ann maidir le postanna le Gaeilge. Nuair a ceapadh mé féin agus mo chomhghleacaí, an tUasal Ó Conaire, inár bpostanna ag deireadh na bliana seo caite, ghabh muid timpeall na Ranna Stáit uilig ag caint leis na hoifigigh pearsanra. Fuair muid tacaíocht don rud a bhí muid ag díol leo - seachas i Roinn nó dó - is é sin go raibh gá le níos mó daoine le Gaeilge a fháil isteach sa Státchóras. Luaigh siad cúis na deacrachta agus bhí sé thar a bheith simplí. Bhí orthu daoine a fháil le scil ar leith ar chostas neodrach do na Ranna seo. Dá mbeadh siad in ann teacht ar thuilleadh daoine le Gaeilge, cuirfidís faílte mór rompu.

Tá a fhios agam go bhfuil sé aitheanta ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí go bhfuil fadhb ann i dtaobh an bhealach ina láimhseáladh na comórtais. Tá sí tar éis breathnú ar na córais agus, go bhfios dúinn agus má tá an ceart agam, tá roinnt tweaking déanta aici ar an gcóras a úsáidtear. Tá sí ag dul sa treo agus go mbeidh toradh níos fearr ar na comórtais atá aici le haghaidh tuilleadh daoine le Gaeilge a sholáthar don Státchóras. Is fadhb mór é. Chuaigh muid ag go leor Ranna agus dúirt siad nach raibh siad in ann daoine le Gaeilge a fháil. Is é sin ceann de na deacrachtaí. Chun dul ar ais go buncheist an Seanadóra, go ginearálta tá na daoine a bhfuil muid ag plé leo sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe thar a bheith cabhrach. Aithníonn siad go bhfuil fadhb ann agus bíonn siad ag iarraidh tacú le réiteach na faidhbe a aimsiú.

Ar cheist na rialachán agus rangú a dhéanamh ar na comhlachtaí, tá roinnt mhachnaimh déanta againn air seo. I dtaobh an rangaithe, tá roinnt rudaí a sheasann amach. Féadfaí a rá gur féidir leis na Ranna Stáit, go háirithe dóibh siúd a bhfuil interface mór acu leis an bpobal, a chur isteach i rangú amháin. Bheadh rangú eile ann i leith na hearnála tríú leibhéal. Bheadh ceann eile do na húdaráis áitiúla. Tá a lán rudaí a tharlóidh anseo go nadúrtha agus a bheadh éasca. Is é an áit ina bheidh an deacracht ná nuair a tagtar síos go dtí cuid de na comhlachtaí poiblí - comhlachtaí leath-Stáit. Beidh cinneadh le déanamh maidir le conas a dhéileálann na comhlachtaí seo leis an bpobal. Is léir go bhfuil dreamanna ar nós an HSE a bhfuil interface mór acu leis an bpobal. Nuair a tagtar síos go dtí comhlachtaí ina bhfuil cúpla duine ag obair ag plé le hábhair nimhneach nó whatever, anseo caithfear a rá cén sórt catagóir inar chóir iad a chur. Is é sin an áit ina mbeidh na deacrachtaí. Ní dóigh liom go mbeidh deacrachtaí leis na príomhchomhlachtaí. Tá go leor machnaimh á dhéanamh againn air seo agus táimid ag breathnú air. Chas muid le Rialtas na Breataine Bige freisin agus chuaigh a ionadaithe tríd na deacrachtaí a bhí acu. Tá siadsan ag feidhmiú córas na caighdeán le roinnt blianta. Ag pointe amháin tháinig an córas beagnach go dtí lán stad mar gheall ar chomh casta a bhí na caighdeáin a leagadh síos. Is rud amháin nach bhfuil muid ag iarraidh é sin. Tá sé sách deacair bheith ag plé le scéimeanna teanga. Níl muid ag iarraidh críochnú suas le córas eile atá chomh casta leis agus lena thagann an t-uafás riaracháin. Táimid ag iarraidh go mbeidh na caighdeáin a leagfaidh muid amach chomh simplí agus is féidir. Tá súil againn go mbeidh muid in ann dréachtchaighdeáin nó dréachtrialacháin a chur le chéile mar phlécháipéis nuair a bheidh an Bille réidh le dul tríd an Oireachtas.