Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as ucht an cuireadh a thabairt dom labhairt anseo inniu. Tá mé anseo inniu, dar ndóigh, le labhairt faoi cheannteidil Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2017. Déarfainn go dtuigeann an coiste an cúlra maidir leis an athbhreithniú ar an Acht teanga. Foilsíodh torthaí an athbhreithnithe i mí Aibreán 2014. Mar atá a fhios ag an gcoiste, bhí go leor míshástacht le cuid de na leasuithe a bhí molta sa chéad leagan den Bhille leasaithe a d'eascair ón athbhreithniú sin agus níor foilsíodh riamh é dá bharr. D'iarr an t-iarAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, athbhreithniú eile a dhéanamh ar an mBille nuair a cheapadh é don aireacht anuraidh. Tar éis thréimhse comhairliúcháin i mí Mheithimh na bliana seo, foilsíodh ceannteidil an Bhille nua. Is dóigh go bhfuil cur amach maith ag an gcoiste ar an bpointe seo ar céard atá sna ceannteidil. Níl sé i gceist agam mar sin dul tríd na ceannteidil ceann i ndiaidh cheann ach tabharfaidh mé léargas ar na spriocanna atá againn leis an mBille.

Ba chóir a rá i dtosach gurb é an bunfhadhb atá againn leis an mBille nua seo ná cinntiú go leanann an tAcht do bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leo seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stáit. Ó mo thaithí féin agus taithí na Roinne de agus ón bhfianaise atá ar fáil ó thaighde ó Oifig an Choimisinéara Teanga agus ó na heagrais Ghaeilge agus grúpaí eile, creidim go bhfuil éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Ní hamháin sin ach tá an pobal ag súil go mbeidh na seirbhísí a bheidh ar fáil ar chomhchéim leis na seirbhísí a cuirtear ar fáil i mBéarla. Tá mé cinnte go bhfuil cur amach ag comhaltaí an choiste air sin óna dtaithí féin. Is iarracht í an Bille seo tríd na ceannteidil éagsúla an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit agus go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge, agus ní hamháin sin ach go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr ag an tsaoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di agus cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag siúl leis.

Tá iarracht déanta sna ceannteidil seo dul i ngleic le dhá mhórcheist: na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Mar atá a fhios ag an gcoiste, cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas daingnithe na scéimeanna dúshlánach ach tá dul chun cinn áirithe déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun. Ag an am céanna, tá sé aitheanta againn go raibh agus go bhfuil go leor deacrachtaí leis an gcóras. Ina thráchtaireacht níos túisce i mbliana, chuala muid ón gCoimisinéir Teanga faoi na laigeachtaí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga. Ba mhór an cuidiú an tráchtaireacht sin agus tógadh na hargóintí a rinne sé ar bord agus muid ag dréachtú na gceannteideal. Mar sin, mar chuid den Bhille nua, tá sé i gceist córas na gcaighdeáin a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Faoin gcóras seo, beidh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí ag baint úsáid as rialacháin chun caighdeán a leagan síos do na comhlachtaí seo. Ar an mbealach seo, bheadh muid in ann a chinntiú go mbeadh na caighdeáin is ard ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a mbíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, go háirithe pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Táthar ag súil go mbeidh an córas seo níos éifeachtaí ó thaobh chearta an tsaoránaigh a chosaint agus go laghdódh sé an t-ualach riaracháin a bhaineann le haontú scéimeanna teanga faoi láthair. Má tá an córas nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má táimid chun feabhas a chur ar seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta.

Chun an cheist seo a fhiosrú, labhair muid le Ranna Stáit éagsúla le linn dréachtú na gceannteideal agus tá plé leanúnach ar bun leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le ceist na hearcaíochta.

Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 50% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche. Tuigimid sin. Creidim gurb í an earcaíocht croílár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn céimniúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus, ag eascairt as sin, go mbeidh muid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge mar is cóir.

Is iad sin na mórphointí ó na ceannteidil. Mar a thuigfidh baill den choiste, tá roinnt mhaith ábhair eile chomh maith, mar shampla dualgais chomhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus foirmeacha oifigiúla i nGaeilge. Táimid ag iarraidh cinntiú go n-éascóidh comhlachtaí poiblí úsáid ainmneacha agus seoltaí sa dá theanga oifigiúla. Is rud bunúsach é seo ach is rud fíor-thábhachtach é freisin. Táimid ag iarraidh cinntiú go mbeidh ainmneacha Gaeilge agus lógónna i nGaeilge ag gach comhlacht Stáit mar go bhfuil siombalachas láidir ag baint leis na nithe seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Stáit ag léiriú meas ar ár gcéad teanga náisiúnta agus is modh díreach agus simplí é seo chun é sin a dhéanamh.

Cá bhfuil muid anois leis an mBille? Faoi láthair táimid ag obair i gcomhréir le dréachtóir in Oifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú. Ag an am céanna agus muid ag foilsiú na ceannteidil, táimid i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, an Coimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr, is éifeachtaí agus is láidre gur féidir a bheith againn le tabhairt ós comhair an Oireachtais. Tá na ceannteidil curtha faoi bhráid an chomhchoiste ar mhaithe le scrúdú réamhreachtach a dhéanamh orthu. Tá súil againn go mbeidh an Bille ar chlár reachtaíochta an Rialtais ag tús 2018. Creidim go láidir gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfimid tórthaí dearfacha amach don teanga agus do phobal na Gaeilge. Ag deireadh an lae tá na cuspóirí céanna againn ar fad. Is é sin an teanga a chur chun cinn sa Státchóras agus í a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.