Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh. Gabhaim buíochas leis na finnéithe atá anseo linn tráthnóna. Tá siad os comhair an choiste ag am tráthúil i dtaca le cúrsaí óige, go háirithe. Mar a dúirt siad, tá athbhreithniú ar bun sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoi láthair. Measaim gur mhaith an rud é go bhfuil value for money assessment ar siúl ag an Roinn. Bhí mé ag amharc ar na figiúirí ginearálta don chaiteachas náisiúnta. Sa bhliain 2011, bhí €79 milliún curtha ar fáil do chúrsaí óige ar fud na tíre. Tháinig €61.5 milliún ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, €8.3 milliún as an HSE agus €8.89 milliún ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le haghaidh na Garda diversion programmes, srl. Cuireadh an caiteachas mór sin ar fáil ar mhaithe le buntáiste a thabhairt do 883,000 duine idir deich mbliana agus 24 bliain d'aois sa Stát iomlán. Dá mbeadh an caiteachas sin briste síos de réir daonra de, is dóigh liom go mbeadh an Ghaeltacht ag fáil níos mó. Glacaim leis nach bhfuil na figiúirí de chuid an CSO feicthe agam, ach is dócha go bhfuil idir 8,000 agus 12,000 duine sa Ghaeltacht san aoisghrúpa idir deich mbliana agus 24 bliain d'aois.