Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Mr. Dómhnall Ó Braonáin:
Feictear dom go bhfuil an t-idirbhliain an bhliain is fearr, i ndáiríre, leis an fhadhb sin a thógáil agus maith a dhéanamh air. San idirbhliain, b'fhéidir go bhfuil fócas níos mó ar day-to-day life, seachas chúrsaí acadúla mar atá i gceist ina dhiaidh sin go dtí go bhfágfar an scoil. Mar sin, is féidir a rá leis na scoileanna go bhfuil deis acu aíonna a thógaint isteach le labhairt leis na gasúir faoi na rudaí seo. Nuair a bhí mé san idirbhliain anuraidh, eagraíodh cúrsa sé seachtaine i leith na sláinte meabhrach. Is féidir an rud céanna a dhéanamh faoi sláinte beatha nó, mar a luaigh Máirín Nic Fhionghuin, ábhair ar nós cáin, morgáistí agus billí. Níl cliú agam céard a bheidh le déanamh nuair a thiocfaidh an lá sin.