Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Ms Máirín Nic Fhionghuin:
Sílim go bhfuil an dá rud i gceist anseo. Níl roinnt scoileanna ag cur mórán comhairle nó gairmthreoir ar fáil faoi láthair mar gheall ar na ciorruithe a dearnadh le roinnt blianta anuas. Dúirt go leor daoine óga freisin go bhfuil siad ag iarraidh cabhair nó eolas breise faoi rudaí praiticiúla, ar nós cén chaoi le billí a íoc agus cursaí cánach a thuiscint. B'fhéidir nach gcuireann a gcuid scoileanna a leithéid ar fáil faoi láthair. Uaireanta, ní bhíonn fonn ar dhaoine óga a leithéid a fhoghlaim nuair atá siad sa mheánscoil, agus ansin nuair a théann siad amach sa saol, caithfidh siad bheith in ann na rudaí seo a dhéanamh all of a sudden. Sílim go bhfuil an dá rud i gceist.