Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Mr. Dómhnall Ó Braonáin:
Ní airím i ndairíre. Is cuimhin liom mí amháin nuair a bhí Mam ag dul ag cruinniú choiste pobail mar gheall ar phleanáil teanga nó rud éigin. Chuir mé ceist uirthi an bhféadfainn dul ann léi agus céard atá ag tarlú a fheiceáil. Dúirt sí "no" agus gur rud é do dhaoine fásta. Is dóigh nach bhfuil daoine óga lárnach. Ba chóir go bhféadfaí labhairt leis na scoileanna san áit agus grúpa daoine óga a roghnú chun pointí a chur chun cinn ag cruinnithe mar sin.