Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Ms Iseult Ní Fhoighil:

Is cuimhin liom comhrá a bhí agam cheana le mo chara. Nuair a bhí mé sa chéad bhliain, bhí mé mar bhall den chlub óige i Lurgan agus bhí mo chara mar bhall de chlub óige éigin i nGaillimh. Nuair a bhí mé ag caint le mo chara faoin gclub óige, bhí mé ar bís mar bhí mé sa chéad bhliain agus bhí mé ag fás suas agus mé sa chlub óige. Agus mé ag labhairt faoi gach rud a rinne muidne, thosaigh mo chara ag labhairt faoi na áiseanna ar fad a bhí sa chlub i nGaillimh nach raibh againn, agus gach rud a raibh siadsan in ann a dhéanamh ach nach raibh muidne in ann a dhéanamh. Cheap mé nach raibh na háiseanna céanna sa chlub óige s'againne mar gheall go rabhamar sa Ghaeltacht agus faoin tuath.