Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceathrar comhaltaí i láthair, agus Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh, so is féidir tús a chur leis an gcruinniú. I dtús báire cuirim céad míle fáilte roimh na Teachtaí Dála agus Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá sé ag éirí níos deacra daoine a mhealladh isteach ar an gcoiste. Ní mór dúinn é sin a phlé ach is drochlá é lá an bhuiséid ar aon nós. Tá chuile Teachta Dála agus Seanadóir faoi bhrú. Tósóimid leis an bplé ar straitéis óige don Ghaeltacht. Cuirim céad míle fáilte roimh an toscaireacht ó Mhuintearas. Cuirfidh mé fáilte roimh na daoine is tábhachtaí ar dtús, Iseult Ní Fhoighil agus Dómhnall Ó Braonáin ó Chlub Óige Lurgan. Tá fáilte rompu agus tá súil agam go mbeidh siad ag déanamh an caint is mó anseo, seachas na seanóirí, agus muid ag caint faoi straitéis óige don Ghaeltachta.