Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Ms Iseult Ní Fhoighil:
Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh áit ag daoine óga, go mórmhór faoin tuath, buaileadh le chéile. Má tá mé ag iarraidh am a chaitheamh le mo chairde gan mo thuismitheoirí a bheith do mo chrá sa bhaile, tá orm bus a fháil isteach go dtí an baile, b'fhéidir ar chostas €6 ar thicéad fillte. Ba cheart go mbeinn in ann píosa chraic agus spraoi a bheith agam le mo chairde gan praghaslipéad mór.