Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Ms Iseult Ní Fhoighil:

Tá Gaeilge líofa ag tuismitheoir amháin agus níl focal Gaeilge ag an tuismitheoir eile ag go leor de mo chairde. Dá bharr sin, labhraíonn siad Béarla leis an mbeirt acu. Má labhraíonn siad Gaeilge leis an tuismitheoir le Gaeilge, airíonn siad go dona. Dúirt cairde é sin liom. Bhí cara amháin agam a bhog ó Meiriceá nuair a bhí sí i rang a 4. Tá Gaeilge líofa aici. Níl mórán Gaeilge ag a máthair ar chor ar bith ach tá fós Gaeilge líofa aici.