Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an Ghaeilge a labhairt sa mbaile, b'fhéidir botún atá ann sa tuarascáil ach tá sé ráite go ndúirt 59% nach í an Ghaeilge a labhraíonn siad sa mbaile. Tá sé sin ar leathanach 10 den tuarascáil. Dúirt 59% nach í an Ghaeilge a labhraíonn siad. Mar sin, 41% a labhraíonn an Ghaeilge. An é sin an figiúir ceart?