Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Ms Lís Ní Dhálaigh:

Ba mhaith linn nach mbeadh an doras dúnta ar éinne a fhéachann ar TG4. Ba cheart go mbeadh gach éinne - ina measc foghlaimeoirí agus daoine ar bheagán Gaeilge - in ann an méid atá ag tarlú a thuiscint agus a leanúint. B'fhearr le cuid den lucht féachana gan aon fhotheidil a bheith le feiscint. Is féidir na fotheidil a mhúchadh ar an player nó an aip atá againn agus féachaint ar an gclár ceal fotheidil. Chomh maith leis sin, tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar roinnt ábhair, go mórmhór ábhair na ndaoine óga. Mineoidh mé an smaoineamh atá taobh thiar de sin. Nuair atá tuismitheoirí ag féachaint ar chláracha in éineacht lena ngasúir, cabhraíonn na fotheidil leo an caint a thuiscint. Tá meascán de réiteach againn, ag brath ar cén saghas clár atá i gceist.