Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Maidir leis an sampla atá tugtha ag an Teachta, tá sé sin díreach an rud atá tábhachtach. Tá sé an-tábhachtach go dtiocfaidh méadú ar an Gaeilge, cuir i gcás sa Tuaisceart, ní mar chomhartha ar aon náisiúntacht ach mar theanga, agus go bhfeicfidh daoine nach bhfuil aon baol ansin agus gur féidir leis an Gaeilge déileáil le go leor rudaí. Ach caithfear an doras a fhágáil ar oscailt. Fuair muid é sin amach go minic in Albain. Tuigeann an Teachta an cás in Albain, áit a bhfuil ar éigean 60,000 cainteoir dúchais agus ansin níl aon duine i ndiadh sin.