Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 13 July 2017

Public Accounts Committee

2015 Annual Report of the Comptroller and Auditor General and Appropriation Accounts
Vote 20 - An Garda Síochána

9:00 am

Mr. Dónall Ó Cualáin:

Níl sé sin soiléir go fóill. Nuair a bhí an chéad chomórtas againn sa bhliain 2014, bhí sé mar aidhm againn go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil acu ag 10% de na hiarrathóirí ionas go bhféadfaí iad a chur go dtí na Gaeltachtaí. D'éirigh linn an aidhm sin a bhaint amach sa chéad chúpla grúpa, ach níor chuir dóthain daoine isteach ionas go rabhamar in ann 10% den ghrúpa uile a fháil. Tá an figiúr sin tite beagán ó shin. Tá an stream sin fós mar chuid den chómortas. Tá sé mar aidhm againn é sin a choinneáil ós rud é go bhfuil sé fíorthábhachtach dúinn go mbeadh tobar daoine againn a bheadh ar fáil le haghaidh na freagrachtaí atá orainn faoin Acht - seirbhísí den scoth a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus, go deimhin, pobal na Gaeilge ar fud na tíre - a chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh na daoine sin ar fáil againn tar éis dóibh a gcuid oiliúna a fháil. Tá sé tábhachtach go mbeadh an oiliúnt sin faighte acu thar thréimhse de trí bliana ar dtús, b'fhéidir, agus ansin go mbeidís ag dul isteach go dtí an rannóg i mBaile Átha Cliath ar liosta de dhaoine atá ar fáil le cur go dtí na Gaeltachtaí, sa chéad dul síos, agus mórthimpeall na tíre ina dhiaidh sin.

Tá pobal mór Gaeilge anseo san ardchathair freisin.