Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:05 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist agam faoin buiséad, go háirid, maidir leis an bplean a sheoladh dhá bhliain ó shin. Cé mhéad airgead atá i gceist? Cad é an buiséad atá ag RTÉ don phlean sin?
Ní raibh mé ag iarraidh a fháil amach faoi ghearáin do RTÉ ach gearáin i dtreo Oifig an Choimisinéara Teanga. An ndearna sé aon scrúdú?
Maidir leis na rudaí atá á rá ag an bhfinné, is iontach na rudaí sin. Tá siad dearfach amach is amach, ach ní féidir iad a thuiscint gan chomhthéacs. Níl mé in ann cad atá i gceist le 180 uair an chloig a thuiscint mar níl comhthéacs ann. Sin an rud. An chéad uair eile, ba mhaith liom go mbeadh comhthéacs ann ionas go mbeimid in ann a thuiscint an rud maith atá ann nó an bhfuil rud le déanamh.