Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

7:05 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Ó thaobh na ndualgas, leagan amach buiséid agus mar sin de, in 2016 chaith RTÉ €24.212 milliún ar ábhair Gaeilge. Chraol RTÉ 180 uair an chloig de chláir Ghaeilge ar RTÉ 1 agus RTÉ 2. Chraol RTÉ breis agus 140 uair an chloig de chláir Ghaeilge do leanaí ar RTÉ junior. Bhí 8,760 uair an chloig craolta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bhí ag fágáil Raidió na Gaeltachta as an áireamh, os cionn 600 feasachán nuachta.

Ó thaobh an tseirbhís ar líne, d'fhéach 3.5 milliún duine ar leathanaigh nuachta ar RTÉ.ieagus ar RTÉ News Now. D'fhéach 2.3 milliún duine ar ábhair chláir teilifíse a bhí soláthartha go sonrach ag an rannóg inmheánach cláir in RTÉ.

Maidir le scrúduithe ón gCoimisinéir Teanga, tagann gearáin isteach ó am go chéile. Láimhseálann mise na gearáin sin. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh siad le cúrsaí comharthaíochta. Tagann gearáin ó am go chéile maidir le logainmneacha Gaeltachta. Cuireann sinn na gearáin sin faoi bhráid na daoine cuí agus, mar shampla, má tharla sé ar fhoilseachán ar líne, cuirtear ina cheart láithreach é.