Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
7:05 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní mór dom a rá nach bhfuil mé sásta go bhfuil sé soiléir dom go bhfuil a dhualgais á gcomhlíonadh ag RTÉ. Nílim ag cur an locht ar na finnéithe ach ba mhaith liom a fheiceáil ar pháipéar na dualgais atá ar RTÉ, cad atá déanta agus cad nach bhfuil déanta agus an buiséad atá ag RTÉ chun an plean Gaeilge a chur chun cinn. An bhfuil sé sin ag na finnéithe?
Dúirt an tUasal Mac Con Iomaire go gcaithfimid Raidió na Gaeltachta a chur san áireamh. De réir mar a thuigim, tá dualgas faoi leith ag RTÉ, taobh amuigh de Raidió na Gaeltachta, faoin reachtaíocht. Ba chóir go mbeadh sé sin soiléir. Ba chóir go mbeadh baill den bhainistíocht shinsearach a dhéanann na cinntí os ár gcomhair, b'fhéidir, an chéad uair eile. Ba chóir go mbeadh sé seo soiléir. Le bliain anuas, bhí a lán cur i láthair againn ó eagraíochtaí éagsúla agus daoine mór le rá faoi stádas na Gaeilge. Tá ról faoi leith ag RTÉ. Tá ról reachtaíochta agus ról siombalach ag RTÉ agus ról ó thaobh cultúir de. Ba chóir go mbeadh sé leagtha amach anseo os ár gcomhair ionas go mbeimid in ann a fheiceáil an bhfuil RTÉ ag comhlíonadh an ról sin.
Ar tháinig RTÉ riamh faoi scrúdú an Choimisinéara Teanga? An ndearnadh gearán riamh? An ndearna sé nó sí aon scrúdú? Ní raibh aon "sí" i gceist go dtí seo, faraor, ach an ndearna an oifig sin aon scrúdú ar RTÉ ó thaobh na reachtaíochta de?