Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:55 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Is éard a dhéarfainn ná gur bhain muid amach mórán iomlán na ngníomhartha ar fad a bhí leagtha amach dúinn i mbliain a 1.

Bhain an triú cheist leis an reachtaíocht agus dualgas réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil. Dhéanfadh muid an cás go bhfuilimid ag comhlíonadh na reachtaíochta. Táimid ag comhlíonadh an reachtaíocht tríd an tseirbhís atá againn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tslí go bhfuil réimse cuimsitheach clár ann atá ag tabhairt san aíreamh na réimsí agus na seanraí éagsúla atá leagtha amach in alt 114 den Acht Craolacháin.