Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:55 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Tá. Ó thaobh an dara ceiste agus an méid spriocanna a bhaineadh amach sa bplean, ag dul le bliain a 1 atá críochnaithe i mí Mheán Fómhair, baineadh amach 96% de na spriocanna. Is é sin, baineadh amach chuile ghníomh a bhí leagtha amach seachas dhá ghníomh. Baineann ceann de na gníomhartha nár baineadh amach le córas taighde lucht éisteachta. Táimid ina bhun sin anois agus tá súil againn go mbeimid ag cur tús leis sin an mhí seo atá ag teacht. Baineann an dara ceann nár baineadh amach le formáidí teilifíse a fhorbairt. Táimid ag obair air sin i láthair na huaire. Taobh amuigh de sin, baineadh na gníomhartha eile ar fad ar fad amach.