Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:55 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom breathnú air seo mar chéim tosaigh agus go dtiocfadh na finnéithe ar ais os ár gcomhair. Fáiltím roimh an gcur i láthair atá thar a bheith dearfach. B'fhéidir go mbaineann sé sin le mo chúlra féin i saol eile, áfach. Bhíomar ag súil le díospóireacht ar na dualgais atá ar RTÉ faoin reachtaíocht agus an bhfuil na dualgais sin á gcomhlíonadh ag RTÉ. Sin an rud atá suim agam agus ag an gcoiste ann. Sin a bhí i gceist leis an gcuireadh a sheolamar.

Fáiltím go bhfuil sé mar aidhm an Ghaeilge a bheith fite fuaite i ngach rud a ndéanann RTÉ seachas í a bheith fágtha go príomha faoi chúram sheirbhísí Gaeilge amháin. Cuirim céad míle fáilte roimh an triúr finnéithe ach níl siad ar an bhord bainistíochta. Mar sin, nach bhfuil saghas imeallú déanta ó thaobh an chuiridh de go bhfuil na daoine atá bainteach leis an nGaeilge seolta os ár gcomhair seachas na daoine atá an freagracht orthu na dualgais a chomhlíonadh agus na cinntí a dhéanamh? Nach bhfuil saghas imeallú i gceist?

Tá an plean ar an bhfód anois le dhá bhliain anuas. Cé mhéad spriocanna atá bainte amach ag RTÉ?

Ag dul ar ais go dtí na dualgais, tá mé ag breathnú ar an Acht Craolacháin, go háirithe alt 114(3)(a). Tá dualgas ar RTÉ "réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil a fhreagróidh d'éagsúlacht chultúir oileán na hÉireann". Táim cinnte go bhfuil sé seo de ghlanmheabhair ag na finnéithe. Tá dualgais tromchúiseacha ar RTÉ. Tá an méid a dúradh thar a bheith dearfach agus fáiltím na hathruithe, ach cá bhfuil RTÉ ag cur in iúl dúinn go bhfuil sé ag comhlíonadh a dhualgais faoin reachtaíocht?