Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:45 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Ba mhaith liom an cheist maidir le comhoibriú le seirbhísí eile a fhreagairt i dtús báire. Mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh, ó cuireadh tús le plean lán-Ghaeilge RTÉ táimid ag tabhairt faoi chomhpháirtíocht le seirbhísí agus páirtithe eile ar bhealach nach ndearna muid cheana mar eagraíocht. Mar shampla, tá aip an Seinnteoir Raidió forbartha againn i gcomhar le Roinn na Gaeltachta agus an IBI. Mar chuid de sin, táimid ag tabhairt ardáin do sheirbhísí raidió Gaeilge uile-oileáin. Tá Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá, Raidió na Life agus Raidió na Gaeltachta ar an seinnteoir sin, ar a bhfuil an t-idirghníomhaíocht ar fad i nGaeilge. Tá seirbhísí éagsúla Béarla an Radio Player go léir le fáil ar an Seinnteoir Raidió freisin. Ina theannta sin, bhíomar i mbun plé le Raidió Rí-Rá agus thairg muid dóibh go dtabharfar ardán FM dóibh. Mar shampla, tá clár de chuid Raidió Rí-Rá ar Raidió na Gaeltachta ó naoi a chlog go dtí deich a chlog ceithre oíche sa tseachtain. Tá comhpháirtíocht againn le Raidió na Life mar chuid den phlean gnímh. Tá comhaontú anois eadrainn ábhair áirithe a roinnt le chéile. Tá struchtúr comhaontaithe ansin go mbeimid ar bhonn leanúnach ag babhtáil ábhair lena chéile. Tá intinn oscailte againn i dtaobh a leithéid d'idirghníomhaíocht, go háirithe nuair atá airgead poiblí i gceist faoin scéim fís agus fuaime a eagraíonn Údarás Craolacháin na hÉireann agus nuair atá sé chun tairbhe leithéidí Raidió Rí-Rá, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió na dTreabh, atá tagtha ar an saol le déanaí agus lena bhfuilimid ag plé ó thaobh bheith ar an Seinnteoir Raidió freisin, chomh maith le Raidió na Gaeltachta.

Ó thaobh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, tá teagmháil leanúnach agam leis an Roinn. Bhí dhá chruinniú agam le dhá mhí leis an Roinn chomh maith le teagmháil ar ríomhphost maidir le spriocanna éagsúla a bhain le cúrsaí digiteacha agus ansin sprioc nó gníomh a bhain leis an móriomlán ó thaobh an méid atá leagtha amach do RTÉ sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó thaobh normalú na Gaeilge, cúrsaí oideachais agus mar sin de.

Ó thaobh ár gcuid comhráití le TG4, tá go leor i gceist leis sin i láthair na huaire. Tá sé fós á phlé. Is pacáiste móriomlán é. Ceann de na rudaí atá ann, mar shampla, ná go mbeimid ag obair i gcomhar le TG4 agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ó thaobh chóras monatóireachta lucht éisteachta agus lucht féachana, ag tógáil ar an scéim atá ar bun cheana féin idir an Acadamh agus TG4. Freisin, tá, mar atá ag an gcoiste, dualgas reachtúil ar RTÉ uair an chloig in aghaidh an lae a sholáthar do TG4. Táimid tar éis go leor plé a dhéanamh le TG4 ar an gcur chuige sin le tamall anuas le gur féidir linn é a chur ar fáil ar bhealach atá níos sásúla do TG4, go háirithe agus ardstiúrthóir nua ar TG4 agus treonna eagarthóireachta nua tógtha ar bord ag an tseirbhís.

Ní maith liom dul isteach in iomarca sonraí agus muid fós á phlé ach, taobh amuigh de sin, táimid ag breathnú, mar a thagair mé dó, ar bhealaí gur féidir linn ardán sa bhreis a thabhairt do TG4 ag úsáid na hardáin atá againn féin, más ardáin chraolta iad nó ardáin dhigiteacha.