Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:45 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Bhí éisteachtaí againn le Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió Rí-Rá anseo cheana. An bhfuil aon bhealaí ina bhféadfaí comhoibriú níos mó a bheith ann idir Raidió na Gaeltachta agus na craoltóirí sin? Tuigtear dom go bhfuil cuóta soláthar leagtha síos ag Údarás Craolacháin na hÉireann do Raidió na Gaeltachta sa chomhthéacs seo. An bhféadfadh Raidió na Gaeltachta agus na stáisiúin raidió Gaeilge eile socruithe a dhéanamh ó thaobh cláracha comhléirithe a dhéanamh i gcomhar a chéile? Sílim go dtabharfadh a leithéid de shocrú tacaíocht do na craoltóirí eile maidir le traenáil. B'fhéidir go mbeidís in ann roinnt maoiniú a fháil ar bhonn leanúnach le haghaidh na cláracha seo á dhéanamh agus a chraoladh ar a gcuid seirbhísí féin.

Bhí caint ar feadh tamaill faoi chónascadh idir Nuacht TG4 agus Nuacht Raidió na Gaeltachta. An bhfuil sé sin caite san aer ar fad anois? Bhí smaointí ann go gcuirfí an dá sheomra nuachta i gcomhar le chéile. Céard a tharla do na comhráití sin? An bhfuil an idirbheartaíocht sin críochnaithe?

Tuigtear dom go bhfuil RTÉ luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cé mhéad idirphlé a bhíonn idir RTÉ agus an Roinn atá freagrach as an straitéis? Tá sé luaite nach mbíonn cruinnithe rialta eatarthu, ó thaobh feidhmiú na straitéise ach go háirithe. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin ceart nó cóir. Cén dul chun cinn atá á dhéanamh leis na spriocanna sonracha atá leagtha síos do RTÉ? An bhfuil aon athrú déanta ar an gcur chuige a bhí i gceist? Dúirt an tUasal Mac Con Iomaire go bhfuil comhráití ar bun maidir leis an gcomhoibriú idir RTÉ agus TG4. An mbeadh sé in ann rud nó dhó eile a rá faoi sin? Cén treo atá i gceist sa phróiseas sin? Cad atá i gceist i bprionsabal?