Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:45 pm

Mr. Joe Reddington:

Cheapfainn go mbeidís i gcomhréir lena chéile. San am céanna, chuir muid tús le hatheagar ar chúrsaí nuachta. Tá ár gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta ag léiriú na bhfeasacháin nuachta Gaeilge ar Radio 1, 2FM agus Lyric FM faoi láthair le inchur ó iriseoirí na Nuachta. Tá tús curtha leis an tseirbhís ar-líne. Le gairid, tá sé sin scaipthe amach agus leathnaithe amach go dtí na meáin shóisialta. Táimid láidir go maith anois ar Facebook agus Twitter, go háirithe. Tá an dream óg sna háiteanna sin. Mar a deir an seanfhocal, téigh ag iascaireacht san áit ina bhfuil an t-iasc. Caithfimid dul go dtí an áit ina bhfuil an t-aos óg. Tá an fhorbairt sin déanta againn san achar céanna. Ar ndóigh, ba mhaith linn tuilleadh oibre den sórt seo a dhéanamh. Caithfimid breathnú ar an riar acmhainní agus an fhoireann iriseoireachta atá againn leis sin a dhéanamh.