Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:45 pm

Mr. Joe Reddington:

Labhróidh mé faoi chúrsaí nuachta. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht an mholadh a thug sé d'fhoireann na nuachta timpeall an Oireachtais agus in áiteanna eile. Níl mé 100% cinnte cén bhealach ina ndéantar an dáileadh ar ord na n-earnálacha éagsúla taobh istigh den aip News Now. Más mian leis an Seanadóir go bhfaighinn an t-eolas sin, is féidir liom an cheist a fhiosrú agus na sonraithe a chur faoi bhráid an choiste. Déanfaidh mé nóta de go bhfuil sé ráite ag an Seanadóir go dteastaíonn uaidh go mbeadh an táb "nuacht" in aice leis an táb "news" i mBéarla.

Chuir an Seanadóir ceist orainn faoin fhreastal atá ann ag an deireadh seachtaine. Ba mhaith liom a rá go bhfuil an tseirbhís seo á sholáthar seacht lá na seachtaine, ach faoi láthair tá sé ar fáil ó Luan go hAoine de cheal acmhainní daonna leis an obair a dhéanamh. Nuair a deirim "acmhainní daonna", tá mé ag caint ar iriseoirí. Ba mhaith liom amach anseo go mbeimid in ann cur leis na hacmhainní sin ionas go bhféadfaimid freastal ceart a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus nuacht a chur ar líne chucu seacht lá in aghaidh na seachtaine. Sa chaoi ina bhfuil rudaí faoi láthair, níl sé sin indéanta. Bíonn muid ag breathnú síoraí seasta ar bhealaí le rudaí a dhéanamh taobh istigh de na hacmhainní atá againn.

Ó thaobh líon na foirne de, tá 37 duine inár bhfoireann sa tseirbhís nuachta, a chuireann nuacht ar fáil do TG4 agus RTÉ. Sa bhliain 2009, bhí 43 nó 44 ball foirne againn. Tá seisear nó seachtar imithe as an tseirbhís san achar sin. Is ionann sin agus níos mó ná aon séú den fhoireann. San achar céanna - ó 2009 to dtí timpeall 2012 - d'fhág cúpla céad duine RTÉ ar phacáistí iomarcaíochta.