Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:45 pm

Mr. GearĂ³id Mac Donncha:

Luaigh an Seanadóir post an cheannaire i dtús báire. Tá an struchtúr bainistíochta reatha ag feidhmiú i Raidió na Gaeltachta ó bhí 2002 ann. Ós rud é go bhfuil an saol athraithe chomh mór ó shin - an saol go ginearálta, saol na Gaeilge, cúrsaí teicniúla, earnáil an raidió, srl. - táimid ag breathnú ar an struchtúr bainistíochta atá againn faoi láthair le go bhfeicfimid an bhfuil sé chomh héifeachtach agus gur féidir leis a bheith agus gur cheart dó a bheith. Mar sin, tá coiste bunaithe idir bhainistíocht Raidió na Gaeltachta agus na bainisteoirí atá ag feidhmiú in raidió RTÉ. Táimid ag breathnú ar na háiteanna is mó ina bhfuil cúnamh ag teastáil agus ina gcaithfear athruithe a dhéanamh, bunaithe ar an athbhreithniú ar an struchtúr bainistíochta atá againn. Tá súil agam go dtiocfaidh roinnt athruithe ansin, ach níl mé cinnte fós céard go díreach a bheidh ann. Sula mbeidh an próiseas sin tagtha chun críche, beidh deis ag an mbainistíocht, ag an bhfoireann agus ag daoine eile a bhfuil suim acu sa ról a gcuid a rá agus tionchar a imirt ar an bpróiseas. Is ina dhiaidh sin go bhfógrófar é agus go gceapfar ceannaire arís.