Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:45 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Chuir an Seanadóir ceist orm faoin gcosaint ar sheirbhísí Gaeilge atá i gceist i gcomhthéacs pacáistí iomarcaíochta, srl. Ba cheart dom a rá i dtosach báire go bhfuil saghas míchinnteacht ann ó thaobh cé mhéad duine a chuireann isteach ar iomarcaíocht agus na réimsí ina gcuireann daoine isteach air. Mar a thuigim, nuair a bheidh na pacáistí iomarcaíochta ann, tá sé i gceist go ndéanfar an iomarcaíocht a dháileadh amach go cothrom trasna na rannóg uilig, sa chaoi nach mbeidh aon sheirbhís ar leith níos buailte ná aon seirbhís eile. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil RTÉ ar tí dul tríd athruithe suntasacha. Tá sé tugtha le fios go mbeidh an t-eagraíocht níos lú. Mar a dúirt an Seanadóir, tuigtear go bhfuil tuairim is 250 post le himeacht. Beidh roinnt daoine á n-earcú, ach ní mórán é.