Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá go bhfuil suntas tugtha agam le bliain anuas do na hathruithe beaga atá luaite ag an Uasal Mac Con Iomaire. B'fhéidir go mbíonn muid ag súil le hathruithe móra uaireanta, ach tá sé go deas ar bhealach na rudaí beaga fite fuaite a fheiceáil freisin. Níl ann ach Cormac Ó hEadhra ó am go chéile ag cur fáilte roimh daoine i nGaeilge ar chlár Seán O'Rourke ag a deich a chlog ar maidin. Is maith an rud é sin agus ba cheart go mbeadh a leithéid níos normalaithe tríd an tseirbhís uilig. Agus é sin ráite, ba mhaith linn mar Ghaeilgeoirí tuilleadh a fheiceáil ó thaobh na Gaeilge de. Molaim an obair atá ar bun agus molaim go gcuirfear leis. Cé mhéad duine in RTÉ ar fad, go ginearálta mar eagraíocht, atá inniúil sa Ghaeilge? Cé mhéad duine atá ar údarás RTÉ a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Cé mhéad duine atá san ardbhainistíocht ag an bpointe seo a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge?

Is ábhar imní é go bhfuil ráfla ann go n-úsáidfear sciar mhaith den t-airgead a thiocfaidh ón stráice mór talúin átá á dhíol amuigh i nDomhnach Broc le scaoileadh le 250 duine as RTÉ. Tá amhras ann go mbeidh cuid mhaith Gaeilgeoirí ag iarraidh bealach a dhéanamh amach an doras agus pacáiste ina bpócaí acu. An mbeidh aon chosaint ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sa chomhthéacs sin? An mbeidh céatadán leagtha síos chun teorainneacha a chur ar líon na ndaoine sna rannóga éagsúla a ligfear dóibh imeacht? Nuair a bhí daoine ag imeacht as an HSE, mar shampla, d'imigh cuid den dream is tábhachtaí a bhí ag teastáil sa tseirbhís - na dochtúirí agus na banaltraí ar an túslíne - seachas an dream nach mbeadh an oiread sin gá leo ar an taobh bainistíochta. An bhfuil aon bhealach ag RTÉ cosaint a dhéanamh ar na seirbhísí Gaeilge i dtreo is nach gcaillfear an talann agus an cumas atá bailithe le chéile san eagraíocht? Ní chóir go n-imeodh daoine as Raidió na Gaeltachta nó as Nuacht TG4. Ní cheart go mbeadh aon maolú ar ardchaighdeán na gcláracha atá curtha i láthair trí mheán na Gaeilge. Conas is féidir le RTÉ é sin a chosaint?

Cé mhéad folúntais atá i Raidió na Gaeltachta, seirbhís a bhfuil an-mheas againn ar fad air? Tugann Raidió na Gaeltachta léargas an-mhaith ón iarthar - ach ar bhealach náisiúnta - ar chúrsaí nuachta a bheadh éagsúil, b'fhéidir, do Dhomhnach Broc. Tuigim go bhfuil riar mhaith folúntais san fhoireann i láthair na huaire. Cé mheád folúntais atá i gceist? Cén pleananna atá ag RTÉ leis an bhfolúntas atá i gceannasaíocht Raidió na Gaeltachta i láthair na huaire a líonadh? An bhfuil daoine le n-imeacht ar scor as seo go ceann bliana? Má tá, cá bhfágfaidh sé sin RTÉ ó thaobh na seirbhíse de?

Bhíomar ag caint faoi chothromaíocht ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla de. Luaigh an tUasal Mac Con Iomaire an aip News Now. Is deas an rud é an nuacht a fheiceáil ar a leithéid de sheirbhís. An bhfuil údar ar bith nach bhfuil "nuacht" in aice le "news" ar an aip sin? Ba cheart go mbeadh an stádas céanna i gceist ar an aip. Mholfainn gur cheart go mbeadh na naisc le haghaidh "news" agus "nuacht" le chéile agus tús áite acu ar leithéidí "sport", "lifestyle" agus na rudaí eile síos an líne. Bheadh sé soiléir ansin go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt don Ghaeilge sa chomhthéacs seo. I gcomparáid leis na seirbhísí digiteacha Béarla in RTÉ, cé mhéad duine atá ag obair sna seirbhísí digiteacha Gaeilge sa chraoltóir? Ó am go chéile, tugaim faoi deara go mbíonn an aip tanaí ó thaobh nuacht ag an deireadh seachtaine. B'fhéidir nach bhfuil daoine ag obair sa chuid Gaeilge den tseirbhís seacht lá sa tseachtain, nó nach bhfuil na uaireanta céanna i gceist. Cén fáth an bhfuil an t-easnamh seo feiceálach? Conas is féidir é a réiteach?

Tá athruithe móra tagtha ar Nuacht TG4 le riar blianta anuas. Lena gceart a thabhairt dóibh siúd atá bainteach leis, cuireann siad an-seirbhís ar fáil. Tá ardmholadh ag dul go dtí an fhoireann ar fad. Is fiú a rá go bhfuil na hiriseoirí lena chasann muid anseo sna Tithe ar ardchaighdeán agus thar a bheith cumasach. Tá an-mholadh ag dul leo. An bhfuil líon na bhfoirne i Nuacht TG4 imithe síos le cúig bliana anuas? Céard é an laghdú foirne a tháinig le cúig bliana anuas? Ar tharla an rud céanna ó thaobh na nuachta Béarla? An bhfuil líon na bhfoirne in oifig na nuachta Béarla imithe síos ar an gcaoi céanna nó an bhfuil sé imithe suas? An féidir leis na finnéithe comparáid a dhéanamh? An bhfuil an t-aschur nuachta méadaithe nó laghdaithe le cúig bliana anuas? Céard iad na pleananna forbartha atá i gceist do Nuacht TG4, go háirithe, agus do Raidió na Gaeltachta? Fágfaidh mé an méid sin leis na finnéithe faoi láthair. Is minic a gcuireann an Cathaoirleach srian orm nuair a thagaim go dtí mo dheichiú ceist.