Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht

6:25 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Mar a bhí mé ag rá ó thaobh ábhair Gaeilge a meascadh le hábhair Béarla sna meáin shóisialta, tá an rud céanna déanta againn le cuntais meán sóisialta eile agus tá an t-aiseolas atá faighte go dtí seo againn thar a bheith dearfach. Tagann sé i dtír ar an dearfacht i leith na teanga a fheiceann muid go háirithe i measc an leath is óige den daonra. Ní fheictear é mar idirghabhálachas ná tada dá shórt ó thaobh RTÉ de, agus ina bhealach féin, déanann sé an Ghaeilge a normalú trí tvuíteanna i nGaeilge ó RTÉ a bheith ag teacht aníos ar amlíne an duine, fiú muna bhfuil sé nó sí ag leanúint cuntais i nGaeilge. Is cuid laethúil í an Ghaeilge i saol an duine sin anois ar bhealach nach raibh amhlaidh roimhe seo.

Tá suíomh Idirlín nua Gaeilge seolta le gairid againn mar chuid de RTÉ.ie, ach seachas bheith ag dul chomh fada le RTÉ.ie/gaeilge, agus chuige sin amháin chun teacht ar ábhar Gaeilge ar líne, tá an fhealsúnacht a bhaineann leis an "fite fuaite" sin curtha i bhfeidhm ansin freisin againn. Tá ábhar ón suíomh Gaeilge foilsithe i rannáin ábhartha eile ar RTÉ.ie. Mar shampla, i measc na n-altanna i mBéarla ar RTÉ Culture nó RTÉ Lifestyle, tiocfar anois ar altanna i nGaeilge measctha tríothu. Díreach an tseachtain seo caite, sheol muid sraith nua podchraoltaí, "Beo ar Éigin". Is rud úrnua é seo don Ghaeilge mar gur podchraoltaí digiteacha amháin iad, seachas iad bheith craolta ar an raidió roimhré. Táimid ag iarraidh a bheith ag teacht i dtír ar na hathruithe faoi nósanna éisteachta.

Ag úsáid mo ról mar ghrúpcheannasaí Gaeilge, tá muid tar éis cur lenár n-idirghníomhaíocht le pobal labhartha na Gaeilge agus le heagrais Ghaeilge. Feiceann muid an tábhacht a bhaineann le bheith ag gníomhú i gcomhar le páirtithe leasmhara seachtracha, agus tá muid ag obair go dlúth le heagrais Ghaeilge agus le hinstitiúidí oideachais. Tá muid ag obair le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le hionad barr feabhais i dtraenáil na meán a fhorbairt, chun todhchaí an tionscail trí Ghaeilge a chinntiú. Is dúshlán é do chraoltóireacht na Gaeilge daoine cumasacha a bhfuil tuiscint sna meáin agus líofacht sa teanga acu a fhorbairt, agus is rud é sin a bhfuil uainn a chinntiú don am atá amach romhainn, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Dúshlán eile atá againn is ea ár gcuid lucht éisteachta agus lucht féachana Gaeilge a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir riachtanais éagsúla na ngrúpaí sin, le gur féidir linn freastal orthu ar an mbealach is fearr.

Chuige sin, táimid ag obair i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le TG4 maidir le togra taighde lucht éisteachta, ionas gur féidir linn teacht a bheith againn ar na sonraí a bhaineann le riachtanais lucht éisteachta agus lucht féachana Gaeilge dár gcuid seirbhísí craolta agus seirbhísí ar líne, ag freastal go sonrach freisin ar riachtanais sonraí éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí easnamh ann sa chomhthéacs sin go dtí seo.

Sa mhullach ar dhúshláin ar nós lucht éisteachta agus forbairt foirne, tá dúshláin shuntasacha againn mar eagraíocht mheáin sheirbhíse poiblí a bhaineann le maoiniú agus le bunchloch airgeadais a chinntiú don todhchaí. Go dtí seo, cuireadh plean mheáin Ghaeilge RTÉ i bhfeidhm ar bhealach thar a bheith éifeachtach ó thaobh costais de. Baineadh go leor tograí amach trí úsáid a bhaint as acmhainní atá againn cheana féin agus trí thabhairt faoi chomhpháirtíochtaí. Tá sé léirithe go soiléir ag RTÉ ó seoladh ár bplean Gaeilge go bhfuilimid in ann tionchar suntasach a bheith againn ar an nGaeilge, ar normalú na teanga i sochaí na hÉireann agus ar thodhchaí na teanga mar theanga bheo. Agus é sin á thabhairt san áireamh, creideann muid go bhféadfadh muid tionchar níos mó fós a bheith againn ar an teanga ach na hacmhainní cuí a bheith againn. Sampla de chomhcheangal éifeachtach idir ábhar s'againne agus comhpháirtíocht is ea togra atá ar bun againn i gcomhar le hOllscoil Uladh maidir le táirge digiteach a chruthú ag úsáid an ábhar atá againn cheana chun Gaeilge líofa a chur ar chluasa éisteoirí raidió nach bhfuil líofa, agus sin a úsáid mar chuireadh chun éisteachta lenár gcuid príomhsheirbhísí Gaeilge. Táimid ag obair leo freisin ar thogra neamhghnách a bhaineann le fotheidil ar raidió. Táimid ag obair ar leagan nua Gaeilge den RTÉ Player, chomh maith le lár-ionad a chruthú ar an RTÉ Player d’ábhair i nGaeilge. Tá muid ag obair ar thogra eile a fhágfaidh go mbeifear in ann an chéad leagan eile de Saorview ar do theilifís a fháil go hiomlán trí Ghaeilge.

Déanann RTÉ níos mó ná €24 milliún in aghaidh na bliana a infheistiú i seirbhísí agus in ábhar clár Gaeilge. Tá dhá ghné lenár gcur chuige, mar a luaigh mé ar ball beag. Déanann muid soláthar ar chroí-sheirbhísí Gaeilge ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, nuacht, cláracha Gaeilge agus www.rte.ie/gaeilge, chomh maith lena chinntiú go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite trínár gcuid seirbhísí éagsúla. Táimid ag féachaint ar thógáil tuilleadh ar ár gcur chuige i leith na Gaeilge. Táimid i mbun comhráite le TG4 maidir le cur chuige nua, suntasach agus dearfach. Fágfaidh an caidreamh nua seo go mbeimid in RTÉ in ann tabhairt faoinár ndualgais uair an chloig in aghaidh an lae a sholáthar, de réir an Acht Craolacháin, ar bhealach a bheidh níos tairbhí do TG4. Tá muid ag féachaint ar bhealaí freisin inar féidir linn cuidiú cur le feiceálacht TG4, ag úsáid ár gcuid ardán craolta agus ar líne. Feiceann muid seo mar dheis shuntasach an Ghaeilge a chur chun cinn tuilleadh, trí bheith ag obair níos gaire dá chéile. D’fháilteodh muid roimh an deis filleadh ar an gcomhchoiste seo, i gcomhar le TG4, san am atá amach romhainn nuair atá an comhoibriú feabhsaithe seo forbartha agus aontaithe ina iomláine.