Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí Mheán na Gaeilge: Díospóireacht
6:25 pm
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus an coiste as an gcuireadh teacht os a chomhair. Tá athruithe suntasacha curtha i gcrích ag RTÉ le dhá bhliain anuas ó thaobh ár gcur chuige i leith na Gaeilge, agus é mar fheidhm againn go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite i ngach a dhéanann muid, seachas í bheith fágtha go príomha faoi chúram ár gcuid seirbhísí Gaeilge amháin.
Sular seoladh plean mheáin Ghaeilge RTÉ i 2015, ní raibh polasaí Gaeilge ag RTÉ. An rud a deineadh, nó nár deineadh, i leith na Gaeilge, tharla sé ar bhonn seirbhísí tiomanta Gaeilge, agus ba mhinic gur tharla sé ar bhonn ad hoc. Le polasaí comhtháite anois, agus plean leis an polasaí sin a chur i bhfeidhm, níl seo amhlaidh níos mó. Is cur chuige nua i leith na Gaeilge in RTÉ atá i gceist leis an bplean meáin Ghaeilge - cur chuige trína bhféachtar leis an obair a dhéantar trí Ghaeilge a thabhairt amach thar thairseach rannóga gnó faoi leith agus í a bheith níos forleithne, seachas í a fhágáil mar chúram orthu siúd atá fostaithe i seirbhísí Gaeilge RTÉ amháin.
Tá an plean á chur i bhfeidhm agus tá muid airdeallach ar na míreanna éagsúla reachtaíochta a leagann amach dualgais RTÉ i leith na Gaeilge: an tAcht Craolacháin 2009, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus ar ndóigh, cé nach Acht atá i gceist, straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge. Féachann muid, inár gcur chuige nua, le haghaidh a thabhairt ar níos mó ná dualgais reachtaíochta amháin. Ní hamháin gur cuid d'oidhreacht agus de chultúr na tíre an teanga, is gnáthchuid den saol laethúil í ag na mílte daoine in Éirinn. Is cuid lárnach den dualgas a leagtar ar RTÉ léiriú a thabhairt ar shaol na hÉireann trí sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Feiceann muid sin ní mar dhualgas a chaithfear a chomhlíonadh ach mar dheis atá le tapú.
Tá an Ghaeilge ar cheann de na tréithe sainiúla a bhaineann le RTÉ. Tá sí ar cheann de na gnéithe a idirdhealaíonn RTÉ ó na seirbhísí a bhfuil muid in iomaíocht leo maidir le lucht féachana agus éisteachta, ní hamháin i measc seirbhísí tráchtála raidió agus teilifíse in Éirinn féin, ach i measc na scórtha branda ilnáisiúnta atá i mbun iomaíochta le meáin chumarsáide na hÉireann.
Deis eile í an Ghaeilge ó thaobh meon dearfach a chothú i leith an bhranda, go háirithe i measc na n-aoisghrúpaí óga is tábhachtaí, chomh maith le luach breise tráchtála a chruthú, mar is léir ó thaighde atá déanta ag leithéid í Millward Brown, Ipsos MRBI, Forfás agus eile.
Cé go bhfuil beagnach 100 gníomh sa bplean, tá an sprioc foriomlán níos suntasaí ná na gníomhartha aonaracha, sé sin go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite go nádúrtha i ngach a dhéanann RTÉ, agus gur gnáthrud a bheadh ann in Éirinn an Ghaeilge a chloisteáil ar na tonnta náisiúnta agus ar sheirbhísí seachas díreach RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 amháin. I measc na ngníomhartha is mó a bhfuil aird an phobail tarraingthe acu go dtí seo, tá an rogha tráchtaireachta in dhá theanga ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael, CLG, agus cluichí sacair chraobhacha na hEorpa, an t-ardú atá tagtha ar úsáid na Gaeilge i bhfógraí leanúnachais ar RTÉ One agus RTE2, agus an úsáid rialta a bhaintear as an nGaeilge ar chuntais meán shóisialta RTÉ.
I measc na ngníomhartha eile atá imithe i bhfeidhm go dearfach ar an bpobal ó seoladh an phlean tá úsáid an leagan Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta ar fheasacháin nuachta Béarla, feasacháin nuachta Gaeilge ar Radio One á gcraoladh anois ar bhuille na huaire seachas ag amanna eile ar an gclog, suíomh Idirlín faoi leith cruthaithe don Ghaeilge, agus táirgí nua digiteacha ar nós An Seinnteoir Raidió agus aipeanna agus suíomhanna Idirlín Gaeilge Saorview.
Fuair leagan Gaeilge d’amhrán Ed Sheeran, Thinking Out Loud, a sheol 2fm agus Conradh na Gaeilge mar chuid d’albam lán-Ghaeilge, clúdach domhanda. Lean an fócas ar dhaoine óga nuair a d’fhorbair muid cúrsa i nGaeilge sna meáin atá reachtáilte dhá bhliain as a chéile anois, a bhí dírithe ar dhaltaí idirbhliana ar fud na tíre, agus a bhí lonnaithe i nGaeltacht Chonamara agus eagraithe i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Go deimhin, tá 2fm mar chuid lárnach den idirghníomhaíocht leis an bpobal níos óige, le cláracha agus brandáil dátheangach mar chuid de chur chuige nua na seirbhíse.
Tá muid tar éis cur leis an méid Gaeilge a bhíonn againn ar an teilifís freisin, ag úsáid meascán de chláir ón earnáil neamhspleách, chomh maith le hábhar atá cruthaithe ag ár rannóg inmheánach teilifíse Gaeilge, agus méadú de 25% ar an méid Gaeilge a chraol muid le bliain anuas. Tá sé tábhachtach a thabhairt le fios go bhfuil tionchar mór ag na cláracha sin. Meallann cláracha Gaeilge ar RTÉ lucht féachana de breis agus 200,000 duine ar bhonn rialta, agus le cois 300,000 duine ó am go chéile, figiúirí suntasacha i bhfianaise an athraithe atá tagtha ar nósanna féachana teilifíse sa lá atá inniu ann. Tá cinneadh tógtha againn freisin cláracha Gaeilge a bhogadh amach as amanna sceidealaithe traidisiúnta nuair a oireann sin. Is sampla de seo é an tsraith a bhí againn le gairid, "GAA Nua", a chraol muid ar RTE2 tar éis "The Sunday Game", rud a bheadh neamhghnách san am atá caite.
Sa gcéad bhliain den phlean gnímh, chraol muid os cionn 118 uair an chloig de theilifís Ghaeilge ar RTÉ One agus RTE2, thug muid faoi bheagnach 1,000 fógra leanúnachais as Gaeilge, chraol muid 140 uair an chloig de theilifís do leanaí i nGaeilge ar RTEjr, agus sheol muid amach os cionn 10,000 tvuít i nGaeilge ar fud ár gcuntais éagsúla.
Go deimhin, is cuid lárnach de phlean Gaeilge RTÉ é an cur chuige digiteach, agus tá muid ag obair go dlúth leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ó thaobh gnéithe den phlean a bheith ag teacht le spriocanna digiteacha straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge. In ionad bheith ag cruthú seirbhísí ar líne i nGaeilge a bheadh scoite amach ónár gcuid táirgí digiteacha eile, tá muid ag baint triail as cur chuige nua - an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh. Mar shampla, nuair a sheol muid seirbhís nuachta Gaeilge ar líne, chuir muid isteach í i gceann de mhór-sheirbhísí nuachta ar líne na hÉireann, News Now, seachas suíomh nó aip ar leith a fhorbairt di. Tá toradh ar sin. Tugadh cuairt ar leathanaigh nuacht ar News Now 3.5 milliún uair le linn na chéad bhliana den phlean mhéain Gaeilge a bheith in áit.
Tá an cur chuige céanna againn i dtaobh na meán sóisialta de. In ionad cuntas ar leith Gaeilge a chruthú ar Twitter, dhírigh muid ina ionad sin ar an bpríomhchuntas atá ag RTÉ agus ar an mbeagnach 500,000 leantóir atá againn. I gcaitheamh an lae, meascann muid na tvuíteanna i mBéarla le tvuíteanna i nGaeilge, le go mbeadh sé ina rud nádúrtha anois teacht ar tvuít i nGaeilge ar d’amlíne Twitter.