Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

6:05 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

An bhféadfainn pointe amháin a lua maidir leis an cheist a chur an Teachta Ó Cuív i dtaca le líon na ndaoine atá lonnaithe san oifig i nGaoth Dóbhair chun go dtuigfidh é féin agus go dtuigfidh daoine eile? Níl smacht ag Foras na Gaeilge féin ar an líon sin foirne. Tá líon na bpost atá lonnaithe sna oifigí seachtracha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath leagtha síos ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Níl neart againn air sin.

Maidir leis na hoifigí i nGaoth Dóbhair, tá scoth na foirne againn ansin. Bhí an t-ádh dearg orainn foireann den scoth a fháil den oifig i nGaoth Dóbhair agus táimid an-sásta faoin dóigh ina bhfuil an oifig sin ag obair. Níl an t-ádh sin ar duine atá ar lorg duine le sainscileanna agus Gaeilge lena cois sin go minic. Bíonn daoine ar lorg oibre cóngarach den áit a bhfuil cónaí orthu nó taobh istigh d'uair a chloig taistil. Laghdaíonn sé ar na féidearachtaí. Glacaim pointe an Teachta ceart go leor. Is as ceantar tuaithe mé féin. Nuair a bhogann duine go dtí ceantar tuaithe, ní bhíonn siad ag iarraidh bogadh ar ais go dtí na bailte móra.