Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 11 July 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht
5:45 pm
Mr. Seán Ó Coinn:
Bhí sé riamh i gceist ag an bhord, ag an fhoireann agus againn féin ar an fhoireann ardbhainistíochta nach mbeidh sé fóirsteanach a bheith seolta amach go dtí imeall na cathrach agus go dtí áit ina mbeidh Foras na Gaeilge i bhfolach ar an phobal. Tá píosa oibre mór le déanamh ag Foras na Gaeilge le hainm Fhoras na Gaeilge a chur i mbéal an phobail. Tá daoine go fóill ar caint ar Bhord na Gaeilge in ainneoin go bhfuil Foras na Gaeilge ar bun ó bhí 1999 ann. Mar eagraíocht, nílimid chomh h-éifeachtach agus ba chóir dúinn a bheith ag cur ár n-ainm i mbéal an phobail agus ag ardú feasachta fá dtaobh de ról na príomheagraíochtaí Gaeilge ar an oileán. Is cinnte gur measa i bhfad a bheidh i gceist dá mbeimis lonnaithe amuigh sna bruachbhailte. I dtaca le Dún Laoghaire, go háirithe, ní bheadh sé fóirsteanach sa mhéad is go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh rochtain ar na hoifigí atá againn do na baill foirne atá againn i mBéal Feirste, i nGaoth Dobhair agus i Ráth Chairn. Bheadh siad ag trasnú na cathrach go hiomlán le fáil a fhad leis na hoifigí sin. Bhí sé riamh i gceist go mbeadh ár n-oifigí i lár na cathrach.