Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:35 pm

Mr. Shane Ó hEidhin:

Tá sé thar a bheith éasca freagra gasta a thabhairt ar chúpla ceist, ar nós ceist na socruithe páirceála. Mar a luaigh mé le Cathaoirleach an choiste, i láthair na huaire tá deich spás páirceála againn le haghaidh an ionad atá againn i gCearnóg Mhuirfean. Níl siad ar láthair Chearnóg Mhuirfean - tá siad in aice leis. Tá siad tógtha ar cíos agus tá ráta bliantúil de €3,250 in aghaidh an spáis á íoc. Nuair a bhogfaimid go dtí Sráid Amiens, beidh ráta i bhfad níos ísle á íoc againn le haghaidh gach spás. Beidh 15 spás againn agus beimid ag íoc €2,500 ar gach ceann acu.

Mar a dúirt mé, is é an ráta reatha sa mhargadh ná €4,000 i láthair na huaire. Sin freagra na ceiste sin.

Is cinnte go mbeidh sé i gceist Raidio na Life a thógáil linn. Beidh spás cuí ar fáil ó thaobh na stiúideonna agus ó thaobh oifigí cearta a bheith ag an stáisiún. Beidh siad ar caighdeán níos airde ná na caighdeáin atá ag an stáisiún i láthair na huaire agus oifigí cearta ar fáil. Sin freagra na ceiste sin.

Maidir le spás, bhí roinnt iomrá leis an gceist seo. Is é sin, an raibh iomarca spáis á thógáil? Idir Sráid Fhrederick agus Cearnóg Mhuirfean, b'fhiú a lua gurb é an spás iomlán a bhí i gceist ná isteach is amach le 27,000 troigh chearnach. Le Cearnóg Mhuirfean leis féin, is isteach is amach le 20,000 troigh chearnach atá i gceist ansin. Anois, le Sráid Amiens, is faoi bhun 17,000 troigh chearnach atá i gceist. Ceistíodh conas gur féidir é sin a dhéanamh go héifeachtach. Go simplí, déarfainn dhá rud. Le foirgneamh ceart de chuid grád A atá ag feidhmiú mar is ceart, is féidir an spás a úsáid ar bhealach atá i bhfad níos éifeachtaí ná seanfhoirgneamh Seoirseach. Tá na seanseomraí agus na síleálacha arda agus mar sin de galánta, ach níl siad oiriúnach ó thaobh freastal ceart agus spás oifige. Úsáidtear spás i bhfoirgneamh mar sin ar bhealach nach bhfuil éifeachtach. Sin cuid de freagra na ceiste. An dara chuid den fhreagra ná, mar a luaidh mé níos luaithe, ÁIS. Beidh an spás i gCearnóg Mhuirfean atá á úsáid ag ÁIS á bhogadh amach chuid trádstóras leis féin ar an M50.