Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:35 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Is dócha go bhfuil éagsúlacht mhaith tuairimí i measc na foirne. Tá cuid den fhoireann atá againn i láthair na huaire lonnaithe san áit ina bhfuilimid i gCearnóg Mhuirfean le 35 bliain. Níl aon amhras ach go bhfuil suíomh an-ghleoite againn ann, agus páirc phoiblí díreach os ár gcomhair amach. Tá sé sin iontach tarraingteach. Ní bheidh sé sin againn nuair a bhogfaimid go Sráid Amiens. Ag an am céanna, sílim go n-aithníonn an fhoireann cé chomh tábhachtach is atá sé teacht ar áit ina mbeimid ábalta an cíos a íoc agus ina mbeimid cóngarach go fóill do lár na cathrach. Ní bheidh na hoifigí úra a bheidh againn níos mó ná míle amháin - nó ceathrú uaire siúil - ón oifig atá againn i gCearnóg Mhuirfean faoi láthair. Cé gurb iad ár gcuid oibre agus cur i gcrích ár gcuid feidhmeanna na rudaí is tábhachtaí dúinn, ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh fadhbanna rochtana againn i lár na cathrach. Sa chomhthéacs sin, ní bheidh difríochtaí suntasacha idir an áit ina bhfuilimid i láthair na huaire agus an áit ina mbeimid i bhFómhar na bliana seo. Iarraim ar mo chomhghleacaí, an tUasal Ó hEidhin, na ceisteanna a d'iarr an Seanadóir faoi Raidió na Life, páirceáil agus an méid spáis a bheidh againn a fhreagairt.