Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 11 July 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceanncheathrú Fhoras na Gaeilge: Díospóireacht

5:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí leathnach 6 den mhéid a bhí le rá ag an Uasal Ó Coinn. Má bhreathnaímid ar na figiúirí, feicfimid gur beag difríocht atá ann idir Chearnóg Mhuirfean agus Sráid Amiens. Tá níos lú spáis i gceist. Beidh Foras na Gaeilge ag dul ó 20,000 troigh chearnach go dtí 16,800 troigh chearnach. Cé go mbeidh os cionn 3,000 troigh chearnach níos lú ag an bhForas, tá lucht an Fhorais ag rá go mbeidh níos mó spáis acu agus go mbeidh siad in ann soláthar don dream a bhí i dhá fhoirgneamh roimhe seo. B'fhéidir go dtabharfaidh na finnéithe míniú dom air sin.

Níl an oiread sin de dhifríocht shuntasach idir na costais a bhaineann leis an dá áit don té atá ag breathnú ar na figiúirí go fuarchúiseach. Tá sé spéisiúil gur luaigh na finnéithe gur féidir leis an OPW ráta faoi leith a thabhairt do Ranna Rialtais, ach nach bhfuil Foras na Gaeilge i dteideal an ráta sin a fháil. An bhfuil aon chúis ag baint leis sin? Aon bhfuil aon reachtaíocht gur chóir dúinn leasú a dhéanamh air? An féidir aon socrú a dhéanamh ionas go mbeidh an Fhoras i dteideal an ráta sin? Ba cheart go mbeadh an OPW ag cur spáis ar fáil d'eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge. Cén fáth nach bhfuil an socrú sin ann i dtaobh an Fhorais? Más €400,000 an costas a bhaineann le Cearnóg Mhuirfean, an bhféadfaí socrú den chineál sin a chur ar fáil ón OPW ag dul ar aghaidh? Sa chás sin, an mbeadh an OPW freagrach as aon uasghrádú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh? Cén fáth nach bhfuilimid ag dul an treo sin leis an bhForas a choinneáil i gCearnóg Mhuirfean?

Níl na socruithe páirceála atá ag Foras na Gaeilge i látháir na huaire 100% soiléir dom. Tá sé ráite go mbeidh páirceáil san áireamh sa leagan amach nua, ach cén socrú atá i gceist i láthair na huaire?

Luaigh an tUasal Ó hEidhin go mbeidh oifigí á gcur ar fáil do Raidió na Life. An mbeidh an spás iomlán atá ag Raidió na Life faoi láthair le haghaidh stiúideonna, srl., ag an stáisiún sin sna hoifigí nua? Dar ndóigh, tá níos mó i gceist ná na hoifigí. Tá stiúideonna agus spásanna eagarthóireachta, srl., i gceist freisin. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil an bhfuil Foras na Gaeilge chun an méid céanna spáis a thabhairt do Raidió na Life san fhoirgneamh nua agus atá acu i láthair na huaire.

Luaigh an tUasal Buckley ón OPW go raibh dhá áit eile - i mBaile Bhlainséir agus i nDún Laoghaire - san áireamh freisin. Céard a bhí mícheart leis na roghanna sin? Cén fáth nár ghlacadh leis na hionaid sin?

Ar bhreathnaigh Foras na Gaeilge ar bogadh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath? Ar smaonigh lucht an Fhorais ar spásanna oifige taobh amuigh den phríomhchathair? Deirtear linn go bhfuil go leor spásanna oifige i mbailte eile ar fud na tíre. An mbeadh sé praiticiúil a leithéad d'athlonnú a dhéanamh? Ar bhreathnaigh an Fhoras ar an bhféidearthacht sin? Má bhreathnaigh, cén fáth ar roghnaíodh gan a leithéad de chinneadh a ghlacadh?

Cén próiseas comhairliúcháin a bhí ann leis an bhfoireann tríd an bpróiseas seo ar fad? Tá a fhios agam go raibh roinnt poiblíocht tamall siar gur bhrath daoine ar an bhfoireann nach raibh siad ar an eolas ó thaobh na hathruithe a bhí le teacht. Bhí an-mhíshuaimhneas orthu faoi sin.

An bhfuil an conradh ar Shráid Amiens sínithe ag an bpointe seo? An bhfuilimid ag caint i ndáiríre faoi done deal, mar a deirtear? An bhfuil an socrú déanta chomh fada is nach fiú dúinn bheith ag caint ar na ceisteanna seo? B'fhéidir go dtiocfaidh mé isteach arís ar ball má tá aon cheist eile agam.